22.04.16 | 2016Nuacht RáitisPreas | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

2016

Spiorad na Féile Ceiltigh 2016 buaite ag sraith na mBlascaodach


Thug sraith aitheanta a chraol TG4 ag tús na bliana an phríomhdhuais léi ag Féile na Meán Ceilteach i nDún Garbhán anocht.   B’air an tsraith Cuimhní ón mBlascaod a bronnadh an gradam is airde ar fad, Spiorad na Féile. Is é an stiúrthóir/léiritheoir Gerry Gregg,  (Praxis Films)  a chuir an tsraith 6 chlár le chéile ar choimisiún ó TG4.

Sraith draíochtúil, tharraingteach, lán le scéalaíocht, le cuimhní agus le cumha ar ‘na laetha a bhí’.  Tá sí bunaithe ar agallaimh a rinne oileánaigh os cionn scór bliain ó shin, ach nár taispeánadh ar teilifís ariamh. Tá agallaimh nua leo siúd chomh maith le míreanna le daoine eile a bhfuil tuiscint ar leith acu ar shaol an oileáin i sraith a thuill ardmholadh nuair a craoladh í.    B’iad Bob Quinn a stiúraigh agus Séamus Deasy an fear ceamara ar na seanscannáin scór bliain ó shin. B’é Séamus Deasy a chaomhnaigh na seanscannáin in áiléar a thigh ar feadh na mblianta agus a rinne an obair cheamara nua don tsraith do TG4 freisin.

Sa mbliain 1953 a tréigeadh an Blascaod agus sa tsraith seo  insíonn Mike Ó Cearnaigh, an fear a scríobh litir chuig Taoiseach na linne, Eamon de Valera ag iarraidh cabhrach air, cúlra tragóideach na litreach sin.  Is iad na hoileánaigh féin is mó atá ag labhairt  sa tsraith agus iad ag cur síos ar a saol ar an oileán.  Orthu siúd eile atá sa tsraith freisin tá Maura Kavanagh,  iníon le Muiris Ó Súilleabháin (údar Fiche Bliain ag Fás), agus Cole Moreton, (údar  Hungry for Home – Leaving the Blaskets.)

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha.     Cuirtear iontrálacha sna duaisaicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta i ngach dtír agus roghnaítear an scoth le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta, áit a ndéanann giúiré eile measúnú orthu le buaiteoir a phiocadh.   Bhí cheithre chlár le TG4 san iomaíocht ag Féile na bliana seo a bhí ar bun i nDún Garbhán.   Is é Spiorad na Féile buaicghradam na Féile don chlár is fearr i dteanga Cheilteach.   Ó bunaíodh é beagnach fiche bliain ó shin tá an bhuaic-dhuais buaite go rialta  ag TG4.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir gur cúis mhór bróid an duais áirithe seo.  “Is mór againn an t-aitheantas seo díbh ónár gcomhghleacaithe Ceilteacha agus is milse fós an Torc buacach a fháil agus Féile na Meán Ceilteach á heagrú i nDéise Mumhan i mbliana den chéad uair riamhIs í seo an duais is ansa ar fad le lucht teilifíse agus scannán sna teangacha Ceilteacha,” a dúirt sé “agus is cuí go mbeadh sí buaite againn an uair seo arís le clár faoin nGaeltacht, bunaithe ar ábhar a thiomsaigh máistrí na ceirde teilifíse agus a choimisiúnaigh saoi eile teilifíse, ár gcomhghleacaí ionúin Micheál Ó Meallaigh a bheidh ag fágáil slán le TG4 faoi cheann coicíse.”

Breis eolais:
Linda Ní Ghríofa, linda.ni.ghriofa@tg4.ie
TG4 091-505228  or 087-9172864

Cuir aithne orainn

@TG4TV

www.tg4.tv

www.facebook.com/TG4TV

www.flickr.com/photos/tg4

Fógraíocht