Mír a Trí | An AimsirCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

An Aimsir

Is Eolaí Mé (Mír a Trí)

Trascríbhinn

 

– Inniu tá mé ag tabhairt cuairte ar stiúideo aimsire anseo i TG4. Tá mé ag iarraidh fáil amach go díreach cén chaoi a mbíonn siad in ann réamhaisnéis na haimsire a thabhairt dúinn agus cén chaoi a ndéanann siad taifead ar mhír aimsire i stiúideo teilifíse.

– Hi, ’Fiona! Cén chaoi a bhfuil?

– Heileo, ’Úna!

– Siod an áit a mbíonn tú ag obair?

– Siod í, ’Úna. Tá an oifig agus an stiúideo in aon seomra amháin anseo.

– Tá sé beag go maith.

– Tá sé an-bheag. Tá sé i bhfad níos lú, is dócha, ná mar a shamhlódh an lucht féachana a bheadh ag breathnú ar an aimsir sa mbaile..

– Inis dom faoi do ghnáthlá oibre agus a bheith ag láithriú na haimsire.

– Bhuel, is dóigh gurb é an chéad rud a bhíonn le déanamh againn ná go n-aimsímid

– na scripteanna aimsire ón ríomhphost.

– Bíonn orainn féin aistriú a dhéanamh ar an script agus cuirfidh tú i do chuid focal féin é,

– ach chomh maith leis sin, labhraímid leis na meitéareolaithe uair amháin gach uile lá

– le dul tríd an aimsir agus le bheith cinnte go dtuigeann tú ’chuile shórt a bhaineann

– le réamhaisnéis na haimsire don lá sin sa chaoi is go mbeidh tú muiníneach nuair a ghabhfaidh tú suas ar an scáileán ansin tráthnóna.

– Cén chaoi a ndéanann sibh taifeadadh ar mhír aimsire?

So is é an chaoi a ndéanaimid é i ndáiríre: faighimid na grafaicí a thagann isteach ar an ríomhaire agus bíonn muidne in ann iad a chur ar na scáileáin uile atá timpeall orainn anseo sa stiúideo. Ar ndóigh, bíonn orainn an ceamara a chur ar siúl. Ansin, bíonn an seat le socrú, le go mbeidh tú ag breathnú réasúnta ar an scáileán!

– Déanaimid féin taifeadadh air anseo ar an ríomhaire. Bímid ag obair mar cheamaradóirí, mar dhream soilse, bímid ag plé le cúrsaí fuaime, bímid ag eagarthóireacht, so déanaimid ’chuile shórt istigh sa seomra seo.

– Inis dom cén chaoi a n-oibríonn an scáileán draíochtúil seo taobh thiar dom, nó an blue screen.

– Tá clár ar an ríomhaire ar a dtugtar ‘Chroma Key’ agus is é an chaoi a n-oibríonn sé sin ná rud ar bith gorm a bhíonn le feiceáil ar an seat, baintear amach é agus ansin bíonn tú in ann íomhá ar bith eile a chur isteach ina áit.

– Meas tú an mbeinnse in ann mír aimsire a chur le chéile?

– M’anam go mbeadh. Féadfaidh tú triail a bhaint ansin as.

– D’aimsigh mé an script ar dtús. D’aistrigh mé go Gaeilge í i mo chuid focal féin.

– Fuair mé na grafaicí agus shocraigh mé mé féin isteach sa seit. Rinne mé cinnte go raibh an clicire ag athrú na ngrafaicí ar an scáileán. Ansin an jab mór… Bhí rogha álainn gúnaí anseo, ach phioc mise an ceann gorm mar dúirt mo mham liom go bhfeileann an dath go mór mé.

– Beagáinín smididh, mo chuid gruaige a chíoradh agus ansin ní raibh fágtha ach píosa seodra a chur orm.

– Ansin, bhí mé réidh! ’Fiona, tá mé réidh!

– Tá tú! Ach… ach tá tú ag caitheamh…Ó, is cuma. Is cuma. Caithfidh tú dul suas. Níl aon am againn!

– Fáilte isteach go tuar na haimsire liomsa Úna Ní Fhlatharta. Glanfaidh an bháisteach i gCúige Chonnacht agus i gCúige Mumhan tráthnóna, agus tá báisteach throm geallta i gCúige Uladh agus i gCúige Laighean ar feadh scaithimh. Glanfaidh an bháisteach i ngach áit tráthnóna agus beidh an teocht is airde idir 12 chéim agus 15 chéim Celsius.

– Bhuel, a Úna, ní raibh caill ar bith air sin. Rinne tú jab maith, ach caithfidh mé, ach caithfidh mé marc amháin a bhaint díot mar gur chaith tú gúna gorm agus tá tú ag obair le blue screen.

 

A: Freagair na ceisteanna

B: Réamhaisnéis na haimsire

Pléigh na ceisteanna thíos le do pháirtí ranga.

  • Cé na daoine a bhraitheann ar an aimsir?
  • An bhfuil an aimsir tábhachtach duitse?
  • Cá bhfaigheann tusa eolas faoin aimsir atá geallta, de ghnáth?
C: Aimsir dheannachtach

Cuimhnigh siar ar na tuillte a bhí in Éirinn in 2015 agus ar an bhfuacht marfach a bhí san Eoraip in 2016 agus freagair na ceisteanna thíos.

  • Cén drochaimsir a bhí againn in Éirinn in 2015?
  • Ar chuir an drochaimsir isteach ort féin?
  • Cén chaoi a gcuireann drochaimsir as do na grúpaí seo a leanas?
    • daltaí scoile
    • feirmeoirí
    • tiománaithe
    • seirbhísí éigeandála agus ospidéil
    • seandaoine
    • ainmhithe
  • An gcreideann tú go mbaineann an drochaimsir le téamh domhanda?

Abhaile


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil