Mír a hAon | An LitríochtCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

An Litríocht

Léirmheas Leabhar (Mír a hAon)

Trascríbhinn

 

– Myra, tá míle fáilte romhat. A, inis dom, cén saghas leabhair é ‘Tearmann le Alex Hijmans?

– Úrscéal atá ann, úrscéal atá lán aicsin. Tchínn muid fear óg, Eoghan, fear óg Éireannach a théann thall (sic) go Brasaíl i Mheiriceá (sic) Theas, agus tá sé ag dul ansin le bheith ag troid ar son cearta daonna na bundúchasaigh (sic) thall ansin. Agus tchímid forbairt scéal s’aige faoi mar a théann sé ar aghaidh ó é a bheith saghas soineanta agus cinnte faoi achan rud agus é ag dul fríd agus ag feiceáil nach bhfuil gach rud chomh simplí leis sin.

– ’Sea, tá Alex é fhéin, tá sé ag cur faoi sa Bhrasaíl, a Éamoinn.

– Tá, tá sé ina chónaí ansin le roinnt blianta. Is as an Olainn ó dhúchas é; rugadh é ansin i lár na seachtóidí agus ansin ina dhiaidh sin d’fhoghlaim sé Gaeilge agus é sna déaga agus chaith sé seal ag obair mar iriseoir; bhí sé le TG4, bhí sé le Foinse, agus fiú bhí…

– Tá saol eachtrúil caite aige féin!

– Sea, agus bhí…

– An bhfuil an rian sin le feiscint ar an leabhar, an dóigh libh, a Éamoinn?

– A, léiríonn sé… Tá, tá léargas iontach ar an tsaol insan Bhrasaíl le fáil sa leabhar agus léargas chomh maith ar an teannas atá idir, mm, pobal amháin agus pobal eile, agus sílim go n-éiríonn leis, mm, atmaisféar iontach a chruthú insan leabhar.

A: Freagair na ceisteanna

B: Obair ghrúpa

Le do ghrúpa, déan cur i láthair gairid ar shaol agus ar shaothar duine de na scríbhneoirí thíos.

  • Charles Dickens
  • William Shakespeare
  • Stephen King
  • Cathal Ó Searcaigh
  • Caitlín Maude
  • Nuala Ní Dhomhnaill
  • Dostoyevsky
  • Oscar Wilde
C: Tráth na gceist

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil