Mír a Trí | An NollaigCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

An Nollaig

Róisín (Mír a Trí)

Trascríbhinn

– Anois, tá Darren Ó Droma agus Cárthach Mac Craith ó Chór Fear na nDéise liom. Bhur gcéad fáilte libh (sic). Cén chaoi a bhfuil sibh?

– Go maith, go raibh maith agat.

– Comhghairdeachas! Tá albam álainn úrnua curtha le chéile agaibh agus amuigh do mhargadh na Nollag. Déan Gairdeachas an t-ainm atá ar an albam, má fheiceann sibh ansin é, agus amhráintí Nollag atá ann… Cén chaoi ar roghnaigh sibh na hamhráin atá air?

Is dócha go bhfuil saghas… bhí taithí againn go mb’fhéidir…a bheith ag amhrán ag an Nollaig, abair, aifrinntí [ = ‘aifrinn’] na Nollag is roghnaíomar carn des nacinn a bheadh againn sa mbaile sa scoil nuair a bhíomar ag éirí aníos, agus ansan dhéineamar  roinnt taighde agus tháiníomar ar chinn eileagus …, nuair a thosnaíomar amach shíleamar ná beadh [ = ‘nach mbeadh’] ach b’fhéidir dosaen air ach, féach, chríochnaíomar, thá cúig cinnis fiche air.

– Agus, ar ndóigh, tá traidisiún mór amhránaíochta thíos sa Rinn, nach bhfuil?

– Thá, thá, siar ar feadh blianta siar, thá. Arís is dócha nuair a chuimhnítear ar chlann Tóibín agus muintir Dhráipéir agus bhí carn amhrán ag na Ceallaigh. Ach, agus fós tá an traidisiún san ann. Amhránaíocht ar an tsean-nós (sic) ach ní raibh riamh traidisiún ar chór.

– Ní raibh! Agus sin an rud spéisiúil. Tá a fhios againn uilig faoi Chór Chúil Aodha, ach tháinig sibhse le chéile cúig bliana ó shin. Cén chaoi ar smaoinigh sibh air i dtús báire agus cén chaoi go dtáinig sibh le chéile. Cén chaoi ar roghnaigh sibh na daoine? An raibh auditions agaibh ar nós X Factor?

– Sin é. Bhí an-chuid againn díomhaoin, is dóigh liom, agus bhí muid ag lorg slí chun na hoícheanta geimhridh a chaitheamh. Agus, an-chuid amhránaithe aonair agus sin é mar a dúirt Cárthach ansan; sin an traidisiún atá san áit againn thíos. Agus, thángamar le chéile, bhí scata b’fhéidir, is cuimhin liom féin  an chéad oíche b’fheidir go raibh deich nó dosaein dúinn ann, Agus roghnaíomar cúpla amhrán agus is cuimhin liom díreach thart ar, díreach roimh na Nollag (sic) cúig nó sé blianta ó shin agus i mí Feabhra bíonn tionól ceoil againn thíos sa Rinn, Tionól Niocláis Tóibín mar is fearr aithne air anois, agus dúramar dhá amhrán ar an stáitse agus cheapamar an oíche sin go raibh an domhan…, bheimis ag dul go Carnegie Hall!

– Go n-éirí libh. Bíodh Nollaig mhór mhaith agaibh agus ag chuile dhuine atá bainteach libh. Darren Ó Droma agus Cárthach Mac Craith, go raibh míle maith agaibh.

A: Freagair na ceisteanna

B: An Nollaig ar fud an domhain

C: Díospóireacht ranga

Ullmhaigh díospóireacht ar cheann de na rúin thíos le do ghrúpa ranga.

Tá níos mó béime ar chúrsaí ceannacháin ná mar atá ar chúrsaí carthanachta faoi Nollaig.

Is fearr i bhfad crann saorga a cheannach ná crann ceart a fháil gach bliain.

Abhaile


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil