Mír a Dó | An Scoláire FéinCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

An Scoláire Féin

An Scoláire Féin (Mír a Dó)

Trascríbhinn

– Réitím go hiontach le mo chuid deartháireachaí. B’fhéidir nuair a bhíodh muid níos óige nach réiteodh mé chomh maith le mo dheartháir is sine mar gheall ar nach mbíodh ann ach an bheirt ’ainn agus mar go mbíodh muid ag iarraidh na rudaí céanna.
– Tá muid an-ghar dá chéile ó thaobh muid a bheith ar comhaois. ’Gus tá sé sin go deas, an bhfuil a fhios a’d, nuair atá… nuair nach bhfuil mórán aoise sa difear, an bhfuil a fhios a’d, bíonn tú níos gaire dá chéile.
– Réitím go maith le mo thuismitheoirí sa mbaile agus bíonn mé ag tabhairt cúnaimh dhóibh anois is arís… ag glanadh na soithigh agus rudaí… agus just cúnamh ar an bhfeirm le m’athair.
– Á, táim an-mhaith le mo thuismitheoirí. Bíonn mo… bíonn mo mháthair sa mbaile… bíonn sí sa mbaile thart ar an am céanna liom féin. Agus ansin ar thart ar a sé a chlog teagann Deaid abhaile agus tá muid an-mhór le chéile agus téann muid uilig siar ag breathnú ar an teilifís nó rud éicint… ag ithe dinnéir… Íosann [= itheann] muid uilig ag an mbord céanna.
– Bíonn neart spraoi againn le chéile agus, an bhfuil a fhios a’d, i Ros Muc bíonn muid in ann go leor rudaí a dhéanamh le chéile, an bhfuil a fhios a’d, ar taobh [ ] mar ní bhíonn sé an-ghnóthach is dóigh. No, tá, tá sé an-deas an sórt cómhrá a mbíonns againn le chéile agus an cineál rud a dhéananns muid le chéile.
– Mmm… Ní maith liom daoine a bhíonns go leor gaisce acub faoi rudaí.
– Á, is maith liom déanamh cinnte go bhfuil gach duine sórt ag déanamh, go bhfuil sibh ag baint sult as iad féin agus nach bhfuil siad ag ceapadh go bhfuil siad fágthaí amach ná tada.
– Nuair a bhíonns dream míchineálta leat agus nuair nach bhfuil siad féaráilte, an bhfuil a fhios a’d, tá sé go maith i gcónaí a bheith go maith le daoine an bhfuil a fhios a’d nuair a chasanns tú leob, an bhfuil a fhios a’d, tá sé go deas agat, an bhfuil a fhios a’d, heileo a rá agus cén chaoi a bhfuil tú agus tá sé sin an-tábhachtach dhomsa, gan a bheith ag inseacht bréaga agus a bheith ciallmhar i gcónaí.
– Níl aon duine ar leith a réitím is mó leo. Réitim go maith leob uilig.
– Is dóigh Cathal mar bíonn mé ag imirt peile leis go leor agus tá suim aige sa bpeil.
– Réitím le m’athair an-mhaith mar gheall is é an t-aon leaid atá sa teach, atá sa teaghlach, agus bíonn muid ag déanamh rudaí le chéile, ag iascach, agus ag dul chuig cluichí peile… Agus bíonn muid in ann a bheith ag caint faoi, ag caint faoi rudaí nach bhfuil tú in ann labhairt fúthu leis na cailíní mar diabhal suim a bheadh acub ann.

A: Freagair na ceisteanna

B: Líon na bearnaí

C: Plé ranga

Freagair na ceisteanna ón mír le do pháirtí ranga.

  • Conas a réitíonn tú le do dheartháireacha agus do dheirfiúracha?
  • An réitíonn tú go maith le do thuismitheoirí?
  • Cén duine is mó a réitíonn tú leis i do theaghlach?
  • Céard é an rud is mó a chuireann isteach ort?

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil