Mír a Trí | An Scoláire FéinCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

An Scoláire Féin

An Scoláire Féin (Mír a Trí)

Trascríbhinn

– Buaileann mo chlann agus mo chairde uilig le chéile agus bíonn cóisir againn sa bhaile agus b’fhéidir go bhfanfadh mo chairde thar oíche agus an lá dar gcionn go ngabhfadh muid isteach go dtí an baile mór agus go ndéanfadh muid cúpla gníomh beag.
– Tagann mo Mhamó agus mo chol ceathracha ar fad agus mo Dhaideo, tagann siad síos chomh fada leis an teach agus bíonn cáca ’ainn. Bíonn ruainnín spraoi againn, bíonn muid ag imirt ruainnín peile thíos sa ngarraí nó rud éicint mar sin.
– Is dóigh gurb é go dtéann muid amach le haghaidh dinnéir ag bialann agus gabhfaidh muid go dtí an phictiúrlann nó rud eicínt.
– Ar Lá na Máthar tabharfaidh muid bricfeasta suas le haghaidh í é a ithe sa leaba agus bíonn muid go deas léi, an bhfuil a fhios a’d, ag déanamh jabannaí beaga.
– Ar Lá na Máthar, déanann m’athair dinnéar in áit mo mháthair a bheith á dhéanamh.
– Is breá liom an Nollaig mar go mbíonn an chlann ar fad le chéile agus chomh maith mar gheall go bhfaigheann muid ar fad bronntanais agus teagann Daidí na Nollag ag an mbuachaill is óige sa gclann freisin agus cuireann sé sin sceitimíní orainn uilig mar go mbíonn sé féin chomh sásta Daidí na Nollag a bheith ag tíocht chuige agus éiríonn muid luath ar maidin leis.
– Ó, is breá liom an Nollaig! Is breá liom chuile shórt faoi, is dóigh. Is maith liom an dinnéar, is maith liom an lá é féin, na bronntanais ach ní hamháin bronntanais is breá liom an chaoi a bhfuil chuile dhuine in ann a bheith le chéile agus go bhfuilimid in ann a bheith ag cuimhneamh ar… an t-ádh atá orainn.
– Ní maith liom an Nollaig mar gheall, mmm, ní bhíonn an aimsir go maith agus bíonn na laethantaí gearr agus níl tú in ann a bheith ag spraoi taobh amuigh le hais an samhradh (sic).
– Nuair a imíonns na Gaelgeoirí ag deireadh an tsamhraidh, imíonn muid linn agus b’fhéidir go n-imíonn muid go tír éicint eile ar nós an Spáinn, an Phortaingéil, Meiriceá…
– Le haghaidh laethanta saoire téannn muid go dtí an Fhrainc go hiondúil nó b’fhéidir go Sasana ag m’aintín. Ach, sa Fhrainc, tá sé…. Is deis álainn é le haghaidh imeacht uaidh chuile dhuine agus do scíth a ligean.
– Á, ar laethanta saoire téann muid go dtí… téann muid go Lahinch i gContae an Chláir is tá trá bhreá ann agus… yeah, bíonn sé go deas.
– Chuile bhliain, ar mo laethanta saoire, téann muid chomh fada leis an Spáinn is, e, gheobhann [= faigheann] muid ruainne dó gréine.

A: Freagair na ceisteanna

B: Craobh ghinealaigh

Inis do do pháirtí faoi do chraobh ghinealaigh – tarraing grafaic le cabhrú leat.  

  • Cén fhad siar atá tú in ann do mhuintir a ainmniú?
  • An bhfuil aithne agat ar do chuid col ceathracha ar fad?
  • An bhfuil mórán de do mhuintir ag cur fúthu thar lear?
  • An bhfuil sé tábhachtach duit aithne a bheith agat ar an dream atá muinteartha leat?
  • Céard iad na hócáidí is mó a thugann do mhuintirse le chéile?
C: Plé ranga

 

Freagair na ceisteanna ón mír le do pháirtí ranga.

  • Conas a cheiriúrann tú do lá breithe?
  • An ndéanann sibh aon rud i do theach Lá na Máthar?
  • An maith leat an Nollaig?
  • An gceiliúrann sibh ócáidí ar nós laethanta breise i do theaghlachsa?
  • Cén áit a dtéann sibh ar laethanta saoire?

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil