Mír a Dó | Daoine ar LeithCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Daoine ar Leith

Bac is Bua (Mír a Dó)

Trascríbhinn

– Is mise Conor McPhillips. Tá mé pósta ar Yanahir McCoy. Tá beirt iníonacha againn: Elliryn atá ceithre bliana d’aois agus Elwa atá dhá bhliain d’aois. Táimid inár gcónaí i mBéal Feirste.

– Fuair muid amach ag an scanadh mór, thart ar fiche seachtain, go raibh fadhb leis an chroí. Agus nuair a d’fhoghlaim muid é sin, chuir na dochtúirí in iúl dúinn go raibh seans ann go raibh Siondróm Down uirthi fosta – go raibh seans seachtó faoin gcéad ann. Agus ag an am sin bíonn tú ag díriú ar an Siondróm Down níos mó ná an croí mar baineann sé geit asat – níor thig le duine ar bith a mhalairt a rá – nuair a chluineann tú sin.

– Níor ghlac i bhfad orm an pheirspictíocht a athrú! Ceapaim go mbeidh Elliryn in ann go leor a fhoghlaim ó Elwa agus go mbeidh Elwa in ann cuid mhór a foghlaim ó Elliryn. Tá sé deas go bhfuil siad congarach dá chéile in aois agus ní hé go bhfuil muid ag iarraidh beidh Elliryn ag amharc i ndiaidh Elwa, ach go mbeidh sí ag faire amach di.



Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil