Mír a hAon | Daoine ar LeithCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Daoine ar Leith

Bac is Bua (Mír a hAon)

Trascríbhinn

– Is mise Róisín de Búrca agus tá mé fiche bliain d’aois agus tá mé i mo chónaí i Leitir Móir.

– Is dócha go gceapann Róisín go bhfuilimid ag coinneáil súil uirthi agus

– Ceapaim go bhfuil mo chlann an-tábhachtach dom. I mo shaol, freisin. Agus is mise an t-aon duine atá Down Syndrome sa chlann agus ceapaim go bhfuil mé an-speisialta mar sin mar is rud iontach é!

– Tá Róisín díreach i lár an chlann. Nuair a rugadh Róisín… Bliain ina dhiaidh sin bhí naonán eile againn agus cúpla bliain ina dhiaidh sin bhí beirt eile againn.  Ní raibh muid in ann aird a thabhairt ar Róisín an chuid is mó den am, mar sin bhí uirthi a bheith freagrach aisti féin agus ceapaim gur rinne sé sin an-chúnamh di.

– Sa todhchaí, feicim mé féin… ag titim i ngrá. Beidh teach agam – agus gasúir freisin! Ceapaim go bhfuil todhchaí geal agam.



Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil