Daoine ar Leith
– I rith an tsamhraidh tar éis na scrúduithe tháinig beagáinín lagmhisneach uirthi. Ní raibh a fhios aici céard a bheadh ag tarlú di ach nuair a fuair sí an post… Tá sí cosúil le cailín eile! Tá sí ag éirí go moch ar maidin agus tá sí chomh sásta…
– Foilsíonn Muintearas leabhair i nGaeilge do ghasúir sa mbunscoil agus chuaigh sí i mbun margaíocht na leabhar sin do na Gaelscoileanna agus do na scoileanna ar fud na tíre.
– Rinne mise cúrsa margaíochta agus ‘business administration’ in GTI. Fuair mé an post seo mar bhí taithí oibre agam sa margaíocht.
– Sin margaíocht, ba cheart dúinn breathnú air sin. An rud ba cheart dúinn a dhéanamh ná ba cheart dúinn seiceáil – tá mé dáiríre faoi seo – ba cheart dúinn seiceáil cé mhéad acu seo atá díolta. Cé mhéad atá díolta i gcomparáid leis na leabhair eile.
– Is buntáiste dúinn go bhfuil Róisín ag obair linn anseo. Tá muid in ann go leor a fhoghlaim ó Róisín agus tá mé cinnte go bhfuil an t-uafás le foghlaim ag Róisín mar chuid den chlann a bhaineann le Muintearas.
– Arbh fhearr leat bheith ag obair nó arbh fhearr leat bheith ar an gcoláiste?
– Bhuel, b’fhéidir an coláiste mar tá sé an-suimiúil. Agus ní bheidh sé obair! Nuair atá tú ag obair, caithfidh tú an obair sin a dhéanamh ach nuair atá tú sa gcoláiste ní chaithfidh tú é a dhéanamh. Enjoy the life!
– Taitníonn an obair go mór liom ach tá sé beagáinín leadránach.
– Bail ó Dhia ar Róisín, ceapaim gur ceann de na tréithe is mó atá aici ná go bhfuil fíormhisneach aici. Agus níor cailleadh ariamh an té a raibh miseach acu. Is bean mhisniúil í agus níl aon rud níos fearr ar an saol seo ná bean mhisniúil.
– Tá mé ag iarraidh a rá… Go raibh maith agat as ucht féachaint orm agus slán…
Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.
Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.
