Mír a Dó | Bia agus SláinteCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Bia agus Sláinte

Bia is Bóthar (Mír a Dó)

Trascríbhinn

– Inniu tá mé a’ dul a bheith ag obair le feoil is maith liom agus tá mé ag ithe agus ag obair léi níos minice agus níos minice. Mar atá an fheoil gheal seo, ‘sé seo ná turcaí nó cearc fhrancach. Agus de ghnáth in Éirinn, itear í ag am Nollag.

– Ach is maith liomsa bheith á ithe mar tá sé le fáil anois. Níl ach an bhrollach le fáil, sé sin an fheoil gheal – feoil atá sláintiúil, feoil atá furasta a ithe, agus feoil nach bhfuil ró-…, gabh mo leithscéal… nach bhfuil an iomarca saile uirthi. Is tá mé a’ dul… ’Sé an rud ná gur chuir mise piobar agus salann ar an, a, fhriochtán ansin, agus tá mé a’ dul díreach chun iad a chur isteach ansin agus níl uirthi ach ola olóige.

– Tá mé a’ dul a rá libh… Tá a fhios agaibh cuid mhór agus daoine ag ithe turcaí ag an  Nollaig, síleann cuid mhór daoine, is maith leofa a bheith á ithe ach síleann chui mhór daoine go bhfuil sé róthrom. Tá mise a rá leat go bhfuil sí róchócáilte. Muna bhfuil sí róchócáilte bíonn sé éadrom, bíonn sí sláintiúil agus bíonn sé blasta chomh maith.

– Cuirfidh mé ar an taobh eile ansin í. Agus ní thógfaidh an stéig bhreá seo ach cúig bhomaite. Ach caithfidh sé a bheith bándearg ag an deireadh. Agus mar sin, tchínn sibh ní bheidh do bholg lán ina dhiaidh, ní bhfeidh sé róthrom ar chor ar bith.

– Agus an dóigh atá mé chun é a dhéanamh, leis an chineál sin ‘éadrom’ a choinneáil a’ dul, tá mé a’ dul é a dhéanamh ar dhóigh Iodálach inniu. Mar is maith liomsa sin agus an rud atá mé a’ dul a dhéanamh ná anlann simplí ar a dtugtar al limone. ’Sé sin le stoc, le fíon geal, agus chomh maith leis sin, le líomóin [= líomóid].

– Mar sin, seo na trátaí atá déanta agamsa cheana féin, tá mé a’ dul iad a chur ar ais insan oigheann leis an phíosa turcaí seo. Agus beidh sé sin réidh i gceann bomaite beag.

A: Freagair na ceisteanna

B: Blas agus uigeacht

Cuimhnigh ar shampla amháin de bhia le cur le gach aidiacht thíos.

Blas Uigeacht
géar calógach
milis righin
spíosrach briosc
goirt crua
searbh bog
neamhbhlasta cúrach
láidir uisciúil
C: Céard a mholfá?

Cén saghas bialainne a mholfá do na daoine seo thíos? Pléigh do rogha le do pháirtí ranga.

  • turasóirí atá ag iarraidh blaiseadh de bhia traidisiúnta na hÉireann
  • clann a bhfuil páistí óga acu
  • grúpa daoine óga atá ag iarraidh bia saor go leor
  • lánúin atá ar thóir béile rómánsúil Lá ’le Vailintín
  • duine aclaí atá ar thóir bia sláintiúil
D: Bia linn!

Tá tusa agus do ghrúpa ag cur tús le bialann nua, Bia Linn! Ullmhaigh cur i láthair don nuachtán áitiúil le custaiméirí a mhealladh chuig an mbialann. Cuimhnigh ar na ceisteanna seo a leanas:

  • Cén spriocghrúpa custaiméirí a bhfuil sibh ag díriú orthu?
  • Cén saghas bia atá ar fáil sa bhialann?
  • Céard iad na príomh-mhiasanna atá ann?
  • Cén costas atá ar na príomh-mhiasanna?
  • An bhfuil bia le tabhairt abhaile nó seirbhís seachadta ar fáil?
  • An bhfuil siamsaíocht ar fáil ann?
  • Cén leagan amach atá ar an mbialann?
  • Cá bhfuil an bhialann lonnaithe?

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil