Mír a Trí | Bia agus SláinteCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Bia agus Sláinte

Bia is Bóthar (Mír a Trí)

Trascríbhinn

– Anois, leis an anlann a dhéanamh!

– Rud atá anseo agamsa anseo ná fíon geal agus cuirim é sin isteach insan fhriochtán. Suas ard, mar sin. Agus, chomh maith leis sin sin tá stoc breá sicín agamsa, agus cuirfidh mé é sin isteach chomh maith. Agus ag an phointe seo, tá mé a dhul ag cur craiceann líomóin a chur isteach. Agus mar a tchínn sibh tá sé seo iontach simplí. Thiocfaidh libh b’fhéidir paicéad stoc sicín a cheannach insan siopa agus é a dhéanamh sibh fhéin. Agus cuireann tú na craicinn sin istigh.

– Agus ná déanaigí dearmad go bhfuil súnna na feola ar an fhriochtán chomh maith le piobar agus an salann, agus mar sin, ní gá níos mó a chur isteach ann.

– Agus chomh maith leis sin, seo rud atá agamsa mar atá… sú liomóide agus beidh sé sin ag dul isteach chomh maith.

– Ag teacht ar aghaidh go maith! Agus an t-aon rud eile atá le chur isteach ach im. Agus cuirfidh mise é sin isteach ag an deireadh nuair a bheas an t-anlann rud beag laghdaithe níos mó.

– Anois, tá mias agamsa anseo agus le… leis an mhias seo a toiseacht ’sé an rud atá agamsa seo ná na cainninn bheaga [= cainneanna beaga] seo. Agus tá siad ag cócáil insan stoc chomh maith. Agus fíon geal. Sin an méid. Agus cuirfidh mé ar an mhias iad anois. Mar is maith liomsa… Nuair atá tú ag ithe ar an dóigh Iodálach, is maith cainneann agus feoil gheal. I gcónaí.

– Sin rud amháin.

– Agus chomh maith leis sin, rud eile atá san oigheann agamsa cheana féin, an rud ar a dtugtar Little Gem nó leitís, nó romaine, a thugtar air. Agus chuir mé isteach insan oigheann é sa chaoi go mbeadh sé braisé. Agus ar an dóigh chéanna, is é an rud atá ann ná gabh mo leithscéal, stoc, fíon geal, agus rud beag ola olóige chomh maith le salann agus piobar. Agus sin an mhéid. Agus tá sé cócailte anois. Agus cuirfidh mé é sin ar leataobh.

– Anois, tá sé cineál rómhór ansin go fóill, mar sin, tá mé a’ dul é a ghearradh ina dhá leath. Agus an rud atá mé a dhul a chur thart air anois ná liamhás parma. Sin é agus cuirim sin thart air agus cuirim ar an mhias anois (é). Agus anois tá an t-anlann laghdaithe go mór. Tá againne im a chur isteach ann anois leis an anlann a chríochnú go dlúite. Agus mar sin cuirimidne anlann ime air seo. Agus é sin ag laghdú, chóir a bheith réidh, bainfidh mise anois an stéig bhreá nó an escalope bhreá turcaí amach ón oigheann chomh maith leis na trátaí.

– Cuirfidh mé na trátaí, ar a dtugtar trátaí bella mar is maith liomsa an cruth atá orthu ar an mhias. Trí cinn… mar sin… an stéig bhreá turcaí. Is anois… le críoch a chur ar an anlann seo. Sin é. Thart ar an anlann… agus sin an méid! Chomh simplí leis! Níl agamsa ach an lus seo, lus mhic rí a chur ar an mhias, agus sin é go díreach. Escalope turcaí al limone.

A: Freagair na ceisteanna

B: Bia sláintiúil

Pléigh na ceisteanna thíos le do pháirtí ranga.

  • An bhfuil ailléirge ar bith ort?
  • An bhfuil tú éisealach i dtaobh bia ar bith?
  • Ar ith tú rud ar bith neamhghnáth riamh?
  • Cé chomh minic a n-itheann tú rudaí milse?
C: Sábháilteacht bia

D: Fuílleach bia

Pléigh na ceisteanna thíos le do ghrúpa.

  • Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach gearradh siar ar fhuílleach bia?
  • An bhfuil tionchar ag an bhfógraíocht ar an gcineál bia a cheannaíonn tú?
  • An bhfuil sé tábhachtach féachaint ar dhátaí bia, dar leat?
  • Scríobh liosta moltaí le gearradh siar ar fhuílleach bia sa bhaile.

Abhaile


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil