Bia agus Sláinte
A: Intreoir
Pléigh na ceisteanna thíos le do pháirtí ranga.
- Céard é an bia is fearr leat?
- An itheann tú glasraí agus torthaí?
- An itheann tú mearbhia?
- An bhfuil tú go maith ag cócaireacht?
- Céard a d’ith tú maidin inniu?
- An bhfuil bia ar bith ann a d’íosfá gach lá agus gan rud ar bith eile a ithe?
- Dá bhféadfá piolla a thógáil in áit bia a ithe, an ndéanfá é sin?
- Dá mbeifeá i dtír eile, an ndéanfá iarracht blaiseadh de na miasanna náisiúnta ar fad a fháil? Cén fáth?
B: Forbairt foclóra
C: Bí ag caint!
Cum do chuid abairtí féin bunaithe ar na focail ó Chuid B thuas.
- aiste bia
- bia folláin
- sásamh le baint as
- glasraí orgánacha
- ag cócaireacht
- ag titim chun feola
- le bheith sláintiúil
- eacnamaíocht bhaile
- níos mó béime
- géarghá
Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.
Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.
