Mír a Dó | An GhaeltachtCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

An Ghaeltacht

Bliain in Inis Mór (Mír a Dó)

Trascríbhinn

– Thoir sa Mainistir, tá an mhonarcha cáise gabhair a tosaíodh air thart ar naoi mí ó shin, beagnach tógtha. Tá cuid den trealamh blite tagtha, ach níl sé curtha i bhfearas fós. Tá na gabhair taltaí ina mbaile nua, agus leathchéad mionnán nuabheirthe in éineacht leo.
– Tá sé ag teacht le chéile, tá sé ag teacht le chéile.
– Ní bheidh easpa bainne ag cur aon imní ar Gabriel Ó Fatharta ar chuma ar bith. Ach tá rudaí beaga eile ag cur imní inniu air.
– Fuair mé deontas ó Údarás na Gaeltachta. Agus, mar gheall air sin, bhí siad ag iarraidh dul amach go bhfeice siad nach bhfuil me ag caitheamh a gcuid airgid go seafóideach agus cá bhfuil sé ag dul… Tá sé le feiceáil, anyways…
– Heileo, a Thomáis, cén chaoi a bhfuil sibh?
– Go maith, anois.
– Siuán. Tá sé go deas castáil leat. Chas mé cheana leat, sea, istigh.
– Lá mór inniu. Lá mór inniu, yeah.
– Beidh tú in ann breathnú isteach ar an operation, ar an bpróiseas uilig… Tá cúntar le dhul anseo, ag díol rudaí beaga. Agus istigh anseo tádar in ann feiceáil, na gabhair blite… Isteach ansin… go dtiocfaidh siad… tá nuts thíos anseo… Níleadar in ann go dtiocfaidh an chéad cheann go gcuirfidh sé a chloigeann isteach anseo… Osclóidh sé don dara ceann é… Agus níl agat ach an doras seo a oscailt agus téann siad síos ansin san áit a thángadar amach as.
– Ar ámharaí an tsaoil, is cosúil go bhfuil ionadaithe an Údaráis an-tsásta leis an dul chun cinn atá déanta ag Gabriel ó bhí siad anseo go deireanach.

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil