Mír a Trí | An GhaeltachtCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

An Ghaeltacht

Bliain in Inis Mór (Mír a Trí)

Trascríbhinn

– Thiar i mBaile na Mainistreach atá cónaí ar an sagart Ceilteach agus ar an manach, Dara Ó Maoildhia. As Baile Átha Cliath ó dhúchas, tháinig sé go hInis Mór sa mbliain 1985, le maireachtáil as fhéin ina dhíthreabhach. Ní raibh a fhios ag na hoileánaigh céard a dhéanfaidís dhó i dtosach.
– Bhuel, na daoine ón oileán is dócha go raibh iontas orthu fúm, mar bhí mé i mo shagart ach ní raibh mé i mo shagart ceart, mar a déarfá. Bhí sé deacair mé a thuiscint, ní raibh mé fiú amháin in ann mé féin a mhíniú go han-soiléir. Ach, de réir a chéile, mar go raibh mé páirteach sa gcoiste forbartha i dtús agus ansin sa gcomharchumann, chonaic daoine go raibh mé ar a laghad ag iarraidh rud maith a dhéanamh ar an oileán agus ansin ghlacadar liom.
– Ach, díreach tar éis moveáil anseo, rinneadh mé cinneadh an eaglais a fhágáil agus fanacht i mo shagart agus i mo mhanach gan a bheith páirteach san eaglais mar institiúid, mar a déarfá, ach fanacht leis an traidisiún. Ag an am sin, phós mé freisin, agus thosaigh mo chlann.
– Anois tá mo shaol athraithe – uimhir a haon, mar tá clann agam, mar sin, an obair a dhéanaim anois, bím ag ofráil searmanaisí do dhaoine, searmanaisí ceilteacha.
– Gach bliain ceiliúrann Dara os cionn céad pósadh agus beannachtaí ar fud na tíre; go leor acu anseo i dTeampall Chiaráin.
– Is áit an-naofa an áit seo, is áit bheannaithe é. Bhí Naomh Ciarán ag fanacht anseo ar feadh seacht mbliana, ar feadh míle agus céad bliain ar fad, agus tá an altóir ar an áit is naofa ar an suíomh ar fad.

Abhaile


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil