Mír a Dó | Cairdeas agus CaidrimhCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Cairdeas agus Caidrimh

Mí na Meala - Mír a Dó

Trascríbhinn

– Níor smaoinigh mise ariamh ar cén chineál fear ar mhaith liom nó cén cineál jab a bheadh aige nó cén… aon rud faoi i ndáiríre, is dóigh! [Gur]… bualadh le duine a mbeadh píosa spóirt againn agus píosa spraoi. Níor phioc mé amach duine agus … sin anois an cineál bhreed ar mhaith liomsa!

– De réir a chéile bhí mé ag teacht timpeall ar an smaoineamh seo, agus bhí sé ag éirí níos láidre i mo cheann gur [sic] gcaithfeadh Gaeilge a bheith ag… Dá mbeinnse chun a bheith dáiríre le cailín ar bith, caithfidh Gaeilge a bheith aici.

– Ní dóigh liom go ndéarfadh Nóirín go bhfuil mise rómánsúil, ach is féidir léi féin labhairt faoi sin! Ach I’d say, i ngach rud really, ’sí Nóirín an duine a chuireann tús le rudaí, cuirfidh mé mar sin é, cibé rud é féin… gur fiú is go gcuirfidh sí glaoch  ormsa, “an bhfuil tú ag iarraidh dul amach le haghaidh béile?”… Mar is, is annamh… Nó má deirimse é sin, déanaim é ag an nóiméad mícheart é, ag an am mícheart.

A: Freagair na ceisteanna

B: Plé ranga

Pléigh na ceisteanna thíos le do pháirtí ranga.

  • An éiríonn do phríomhchara cantalach má bhíonn air nó uirthi fanacht ort?
  • An mbíonn do phríomhchara i ndea-ghiúmar an chuid is mó den am?
  • An bhfuil do phríomhchara ag iarraidh rudaí móra a dhéanamh sa saol?
  • An dtugann do phríomhchara bronntanais nó airgead do charthanachtaí?
  • An maith leat do phríomhchara am a chaitheamh i gcomhluadar daoine eile?
  • An gcaitheann do phríomhchara go leor ama ag staidéar?
  • An bhfuil go leor cairde ag do phríomhchara?
  • An gcuireann fadhbanna beaga as go mór do do phríomhchara?
  • An mbíonn do phríomhchara sásta rudaí a dhéanamh as nó aisti féin?

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil