Mír a hAon | Cairdeas agus CaidrimhCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Cairdeas agus Caidrimh

Mí na Meala - Mír a hAon

Trascríbhinn

– Ní dóigh liom gur tharla sé inár gcás-na… Is rud é a tharla de réir a chéile. Thóg sé tamall orainn aithne a chur ar a chéile, is dóigh. Ach, tháinig sé de réir a chéile. Agus ceapaim gur fearr mar sin é b’fhéidir, seachas an, mar a déarfá, love at first sight… Mar is minic go dtagann… go bhfuil tú ag dul síos ina dhiaidh sin!

– Bhuel, is as Baile Átha Cliath mé, as Baile an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Is as Baile Átha Cliath de mo mhuintir chomh maith, mo thuismitheoirí, agus mo sheantuismitheoirí. Is dócha gur féidir liom a rá gur Dub ceart mé.

– Bhuel, rugadh mé ar an gCaorán i mBaile na hAbhann. Bhí saol breá tuaithe againn ag fás aníos. Mmm, deirfiúr amháin agus deartháir amháin… Clann beag go maith, is dóigh, d’fhéadfá a rá, i gcomparáid leis na clanna móra a bhíodh ag daoine an t-am sin.

– Bhí sé iontach a bheith san áit a raibh mise i mo chónaí mar ar thaobh amháin bhí an chathair againn agus ag dul sa treo eile bhí na sléibhte agus an tuath.

– Ní raibh mórán le déanamh ach mar sin féin ní, mar a deir siad anois, bíonn gach duine. na déagóirí ar fad, na daoine óga, bíonn siad bored. Ach ní raibh muide bored ariamh. Bhí muid ag obair agus ag plé le féar agus amuigh i gcónaí.

A: Freagair na ceisteanna

B: Plé ranga

Pléigh na ceisteanna thíos le do pháirtí ranga.

  • Cé hé nó cé hí an cara is fearr atá agat?
  • Cár bhuail sibh ar a chéile?
  • Déan cur síos ar do phríomhchara.

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil