Mír a Trí | Cairdeas agus CaidrimhCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Cairdeas agus Caidrimh

Mí na Meala - Mír a Trí

Trascríbhinn

– Is dóigh an rud is mó a chuireanns as dhom ná go bhféadfainn [a] theacht abhaile tráthnóna agus go bhfuil Colm b’fhéidir i ngreim i giotár [sic] nó go bhfuil sé amuigh ag cleachtadh gailf amuigh sa ngairdín, agus go bhfuil soithigh na maidine fós le déanamh ar an worktop nó go bhfuil an t-im fágtha amuigh gan clúdach air nó go bhfuil an crúsca subh fágtha gan clúdach air. Nó… Ach arís, is rudaí beaga iad, is rudaí beaga iad, agus b’fheidir go mbeadh tú ar buile ar feadh cúpla nóiméad ach imíonn sé.

– Cad iad na rudaí a chuireann as dom? Mmm… Ní chuireann a lán ach arís, tá go leor béime ag Nóirín ar na rudaí beaga agus uaireanta ceapaimse gur rud beag é whereas ceapann Nóirín gur rud mór é. B’fhéidir go ndéarfaidh sí… B’fhéidir go ndéanfainn dearmad na héadaí atá san inneall níocháin a chur amach agus tá an lá go breá agus sin rud mór do Nóirín but domsa beidh lá eile. An dearcadh atá agamsa, beidh, beidh… nach féidir iad a chur amach amárach? Cad é an scéal mór? Ach ní mar sin a bhreathnódh sí air sin.

A: Freagair na ceisteanna

B: Ag argóint agus ag réiteach le chéile

Pléigh na ceisteanna thíos le do pháirtí ranga.

  • An réitíonn tú go maith le do phríomhchara an t-am ar fad?
  • Céard iad na rudaí a mbíonn tú ag argóint fúthu le do phríomhchara?
  • Céard iad na tréithe is mó a thaithníonn leat faoi do phríomhchara?

Abhaile


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil