Mír a Dó | AirgeadCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Airgead

Díol É - Mír 2

Trascríbhinn

Agus tú ag iarraidh seanbhábógaí a dhíol ar líne, déan cinnte go bhfuil cúpla grianghraf breá soiléir agat. Gabh isteach ar na mionsonraí. Déan cur síos ar cén déantóir, cé chomh mór is atá siad, an bhfuil na accessories ann agus an bhfuil siad fós sa bhosca inár tháinig siad. Sin an sórt mionsonraí atá de dhíobháil  i gcónaí ar bhailitheoir. Níleadar ag dul ag brath ar ghrianghraf amháin.

A Anna, d’inis tú dúinn nuair a tháinig muid isteach go bhfuil tú ag iarraidh cathaoir a dhíol. Agus tá tú i ndiaidh an ceann seo a thaispeáint dúinn ach ní chreidim go bhfuil tú ag iarraidh fáil réitithe lena leithéid de sheoid mar seo. Cad chuige?

Bhuel, seo cathaoir mo sheanmháthar mhór. Tá an chathaoir thart faoi chaoga, seasca bliain d’aois. Thug Mamaí é domsa nuair a bhí leanaí agam ach bhog mé tamall ó shin agus le fírinne níl spás ar bith agam dó agus ní hé an stíl is maith liom, ach an oiread.

’Sé lomchlár na fírinne ná go bhfuil tú ag iarraidh fáil réidh leis ó nach bhfuil sé stílealta go leor duitse!

Tá mé ag iarraidh é a thabhairt do dhuine éigin eile! Thiocfaidh le duiné éigin eile úsáid a bhaint as!

A Chonchúir, cad é an rud is fearr le déanamh lena leithéid de rud leis seo?

Bhuel, an bhfuil a fhios agat, tá neart roghanna ann. ’Sé an rud a bheinnse féin ag moladh anseo ná, b’fhéidir, luaigh tú féin stíl. Tabhair deis dóibh an stíl atá acusan a chur air agus uaschúrsáil a dhéanamh air.

Rachaimid ar aghaidh go dtí an chéad seomra eile go bhfeicfimid caidé eile atá ann. Maith go leor.

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil