Mír a hAon | AirgeadCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Airgead

Díol É - Mír 1

Trascríbhinn

 

An tseachtain seo tá muid in iarthar Bhéal Feirste le bualadh le colceathracha Anna agus Aoife. Múinteoir scoile agus léiritheoir teilifíse a bhfuil an-chuid bailithe acu thar na mblianta agus iad ag tógáil clainne.

Tá siad ag iarraidh anois níos mó spáis a chruthú dóibh féin agus dar ndóigh na hearraí sin a athrú isteach chuig airgead tirim.

Is mise Aoife. Tá beirt mhac agam: Cuanán atá seacht agus Caoilte atá ceathair.

Is mise Anna. Tá cailín beag agam: Leela an t-aimn atá uirthi agus tá sé mhí dhéag d’aois anois.

Tá cuid mhór breágán páistí againn le díol. Tá cuid mhór earraí páistí fosta agus trealamh difriúil. Tá stuif s’agamsa ann, tá stuif Anna ann, stuif ó dhaoine eile sa chlann fosta. Téann rudaí thart agus thart chuig daoine difriúla agus tá just an méid sin againn anois go bhfuil muid sásta fáil réitithe le cuid de.

Tá Aoife agus Anna ag súil le cuid mhaith airgid a shaothrú as na rudaí breise ach tá sé beartaithe acu go bhfuil siad chun an t-iomlán a thabhairt do hIonad Uíbh Eachach.

Is áit ar leith é i mBéal Feirste agus, cinnte, i dTuaisceart Éireann a ofrálann  cúram leanaí ó sé mhí go dtí aon bhliain déag.

Nuair a bhí Leela agam bhí a fhios agam láithreach go raibh mé chun í a chur chuig an Ionad. Tá sí breá sásta ansin agus tá a fhios agam nuair atá mé ag obair go bhfuil Leela sásta agus sábháilte.

Thug siad cuid mhór dúinne mar theaghlach, thug siad cuid mhór tacaíochta dúinn. Agus, ba mhaith linne rud éigin a thabhairt ar ais dóibh.   

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil