Mír a Trí | AirgeadCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Airgead

Díol É - Mír 3

Trascríbhinn

Anois, rud amháin… Tá muid tagtha chun deiridh ach, ar an dhrochuair an giota ealaíne seo… Rinne muid giota taighde faoin ghiota seo agus ar an dhrochuair ní fíorrud é. Ní bhaineann sé le Markey Robinson.

Á, bhuel shíl mé sin ach bhí orm a bheith iomlán cinnte fá dtaobh de.

So, shíl muid go raibh sé déanta ag Markey ach níl sé déanta ag Markey ar ndóigh – cad é atá tú ag dul a dhéanamh leis anois?

Bhuel, an bhfuil a fhios agat é seo: cheannaigh mo Dhaidí dom é…cheannaigh mo Dhaidí dom é agus mise ina intinn agus ansin b’fhéidir nach raibh sé ceart agamsa é a dhíol cionn is gur bronntanas a bhí ann.

So, coinnigh sin, right, thig libh é sin a choinneáil. Now, agus muid ag caint faoi chúrsaí airgid anois, agus muid ag iarraich achan rud a dhíol ag aonach na máithreacha agus na dteachrán(?), d’éirigh libh céad caoga punt a fháil an lá sin. Caoga punt as an gcathaoir ghalánta sin a bhí agatsa agus as gach rud a chur muid ar líne, dhá chéad is daichead, agus ansin as ‘Archive Antiques’ seasca punt! So ciallaíonn sé san iomlán go bhfuil – agus seo ag dul chuig cúis fhíormhaith agus gar do do chroí… cúig chéad punt! So, tá cuma i bhfad níos mó air nuair a amharcann tú air mar sin, nach bhfuil?

Tá neart spáis fágtha sa teach anois. Bhí loft s’againne ag teacht anuas le stuif agus fuair muid réitithe de cuid mhaith de.

B’fhéidir, bliain eile, thiocfadh liom an áit a ghlanadh amach arís agus fáil réitithe le níos mó stuif agus níos mó airgid a dhéanamh!

Bíonn airgead breise de dhíth ar an Ionad i gcónaí agus sílim go dtiocfadh linn é a choinneáil inár n-intinn rud mar seo a dhéanamh amach anseo, b’fhéidir i gceann cúpla bliain nuair atá níos mó stuif againn. 

Abhaile


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil