Cúrsaí Eacnamaíochta
– Anois, meastú céard a cheapanns an pobal faoi bhuiséad na bliana seo? Chuaigh ár dtuairisceoir, Shane Ó Curraighín, ag fiosrú.
– Is dóigh gurb é an… mmm… Nach bhfuil athruithe teagthaí* ( = ‘tagtha’) ar praghas (sic) an díosail agus peitril, go bhfuil sé sin go maith. Mmm… Agus, is dóigh ó thaobh, feicim fhéin, ó thaobh an cúnamh le teach a cheannacht (= ‘a cheannach’) gur, gur maith an rud é sin, nach bhfuil, go bhfuil cúnamh teagthaí isteach, agus go bhfuil sé sin, go bhfuil níos mó buntáiste ag daoine atá ag ceannach tí ar an gcéad iarraidh.
– Faoi bhuiséad an lae inniu, tá mé ag aireachtáil go maith faoi. Tugadh isteach níos mó, mmm, maoiniú le haghaidh an tr-, le haghaidh an oideachais tríú leibhéal, ach is mór an trua nach raibh siad in ann, aa, oideachas saor in aisce a chur ar fáil.
– Níl, níl, níl mórán déanta acu, mar a déarfá. Cúpla euro anseo is ansiúd is an t-ardú féin atá tugtha acu, is cosúil, do phinsinéirí, agus an té atá ar an gcóras leasa shóisialaigh, mar a déarfá, ní fheicfidh siad go Márta é, so, is maith an píosa uainn, an té ’tá a faire air, mar a déarfá, is maith an píosa é sin. So, níl aon, níl aon bhlas déanta acub arís don Ghaeilge, níl aon mheas ag an rialtas seo ná ag an rialtas a bhí ann romhub, ní raibh aon mheas acub ar an nGaeilge agus níl aon mheas acub ar éinne atá ina gcónaí faoin tuath.
– Ceapaim go bhfuil ciall ag Michael Noonan agus, agus más rud é go bhfuil ciall aige, ea, déarfainn go bhfuil sé ag déanamh pleanáil éigin fá choinne Brexit agus an tionchar a bheas ann ar eacnamaíocht na hÉireann.
– Tá sé iontach uilig go bhfuil postannaí, níos mó postannaí ar fáil do mhúinteoirí. Ea, bhí siad ag caint faoi dhá mhí chúig chéad post nua agus tá sé sin an-mhaith do mhúinteoirí atá nuacháilithe. Agus, ó thaobh na dtithe, is dócha sé go maith go bhfuil cineál scéim eicínt ar fáil don dream óg atá ag iarraidh a bheith ag tógáil tithe nó ag ceannacht tithe.
– Ar a laghad ní ceann, ní drochbhuiséad amach is amach atá i gceist, dar liom féin, ach, em, yeah, tá buntáistí ag baint le chuile shórt. Is dócha go mbeidh beagán sásaíochta le baint as, le baint as ag go leor daoine.
Pléigh na ceisteanna thíos le do pháirtí ranga.
- An ndéantar dóthain infheistíochta i seirbhísí do dhaoine óga, dar leat? Cén fáth?
- Cad ba chóir don rialtas infheistíocht a dhéanamh ann ar mhaithe leis an aos óg, dar leat?
- Ar chóir go mbeadh ar dhaoine íoc as táillí ollscoile, dar leat? Tabhair cúiseanna.
Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.
Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.
