Wwoofáil: Mír a Dó | Cúrsaí TimpeallachtaCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Cúrsaí Timpeallachta

Wwoofáil - Mír 2

Trascríbhinn

– Tá muid ar ais ar an mbóthar arís agus ag taisteal suas cósta thoir na hAstráile. Beidh muid ag wwoofáil ar Glenshiel Alpaca Farm.

– Deich n-acra atá acu ar an bhfeirm seo agus tá sé buailte ar Port Macquarie anseo in New South Wales. Kathryn Connell a bheas i gceannas ar an bhfeirm seo agus is cosúil gur iar-phríomhoide scoile í.

– Ú, coinneoidh sí sin smacht orainn. An bhfaca tusa alpaca riamh?

– Nach bhfuil ceann ag suí le mo thaobh?

– Á, tá tú greannmhar, a Mhairéad!

– Kathryn, chuir sí fáilte agus fiche romhainn. Bean álainn. Thug sí isteach muid agus thaispeáin sí an lóistín dúinn agus bhí dhá sheomra codalta dom fhéin agus do Ghavin. Agus bhí muid breá sásta, dháiríre, mar gheall le wwoofáil níl bhíonn a fhios agat cá mbeidh tú i do chodladh; – d”fhéadfá bheith amuigh ag campáil, d’fhéadfá bheith istigh i shed, d’fhéadfá bheith do chodladh leis na hainmithe ach bhí seomraí breátha réitithe aici dhúinn.

– Shuigh Kathyrn síos ag an mbord muid, agus bhí orainn dul thríd rialacha iomlána atá uilig déanta amach aici do na wwoofers go léir. Seo.. Múinteoir scoile a bhí inti agus déarfainn gur chuir sí smacht maith ar na wwoofers go léir a thagann go dtí an teach seo.

– Jeez, níl muid ach landáilte agus tá obair baile faighte againn. Aiste!

– Hú! Tá go leor rialachaí ann, nach bhfuil?

– Bhuel, tá ceann amháin anseo fá choinne an geata: É a choinneál druidte.

– Bhuel, tuigim é sin, alright.

– Uisce.

– Arnó, tá siad i gcónaí ag caomhnú an t-uisce… Má tá tú ag tógáil cith, ní féidir leat bheith istigh ann níos mó ná dhá noiméad… Dhá noiméad!

– Sin deacair duitse, a Mhairéad!

– Jesus!

– Mmhmm. Amharc an ceann seo fosta faoi do chuid cosa.

– Má tá tú ag shaváil do chuid cosa

– Caithfidh tú a fhágáil istigh sa bhabhla!

– Fág sa mbabhlín é, ansin tabhair an babhlín amach ar an tsráid, agus caith amach an t-uisce… Uimhir a haon, níl aon flush…

– Ní dheireann sé uimhir a haon ná uimhir a dó!

– Ó, a dhiabhail… Ansin, le páipéar leithris, ní féidir leat ach dhá square a úsáid…

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil