Cúrsaí Tionsclaíochta
– Is dócha go raibh, eh, leideanna ann dos na hoibrithe i gcoitinne go raibh rudaí ag éirí deacair don mhonarcha, ar feadh b’fhéidir, dhá bhliain roimh an dúnadh.
– I gcomparáid le hollmhonarchain na Breataine agus na Mór-Roinne, bhí Ford Cork teoranta i dtaobh déantúsaíochta de, agus dá bharr seo, nuair a chuaigh Éirinn [sic] isteach sa gComhphobal Eacnamaíoch Eorpach bhí Ford Cork faoi mhíbhuntáiste. Go dtí sin, ba é leas Ford Cork na taraifí rialtais a bhí ar earraí iomportáilte, ach nuair a cuireadh deireadh leo sin, bhí ar an monarchan (sic) seasamh ar a dhá chois féin agus dul in iomaíocht le carranna eachtrannacha.
– Ghlac muid leis go mbeadh saorthrádáil in earraí déantúsaíochta ach ní dóigh liom gur tuigeadh cé chomh mór is a bheadh an bánú tionsclaíochta san.
– Ní rabhadar in ann seasamh, is dóigh liom, in aghaidh na hiomaíochta le carrannaí níos saoire a bhí ag teacht isteach.
– Ba é an praghas a bhí ann, mmm, dhul isteach sa Chomh-mhargadh leis na buannaí eile a bhí leis an gComh-mhargadh.
– Bhí sé chomh brónach ag fágáil an factory an lá sin. Bhí beagnach… mo saol (sic) agus m’athair ag obair san otharlann (sic) sin.
Tá géarchéim eacnamaíochta sa tír. Ullmhaigh plean gnó do chomhlacht carranna (bhur rogha féin!) le do ghúpa agus sibh ag díriú ar níos mó díolacháin a ghiniúint. Líon isteach an greille thíos.
| Príomhtháirgí | Moltaí chun na príomhtháirgí a dhéanamh níos mealltaí |
| Coincheap do tháirge nua | Ráiteas faoin gcaoi a bhfuil do chuid carranna níos fearr ná cinn na n-iomaitheoirí |
Croch na ráitis ar na ballaí agus iarr aischothú ó na daoine eile sa rang.
Féach ar a gcuid pleananna agus tabhair moltaí.
Déan cur i láthair ar do phlean leasaithe don rang.
Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.
Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.
