Mír a hAon | Stíl agus FaiseanCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Stíl agus Faisean

Paisean Faisean - Mír a hAon

Trascríbhinn

I David James (sic), thosaigh Seán le barr uaine agus cairdeagan corcra. Bhí na dathanna céanna sa sciorta a roghnaigh sé agus chuir sé cóta bán CCDK os a chionn.

Ní dhearmadaigh sé na sonraí le muince uaine de bhláth agus in Aldo cheannaigh sé butaisí svaeid gorma – beagnach chuile cent sa mbuiséad caite aige.

Culaith ‘girly’ amach is amach a phioc Dónal i Madison. Gúna agus ‘bolero‘ bándearg le bróga airgid sálaí arda ó Aldo. Ach, an dtaitneoidh sé leis an gcailín álainn?

I Demora a roghnaigh Gavin an barr Sarah Berman seo agus chuir sé sciorta dubh faoi a chosain dhá chéad euro. Chuir sé muince lándhéanta ó Emily Jean O’Byrne leis a raibh an gorm céanna ann agus bróga sálaí arda ó Aldo a chríochnaigh amach an culaith dhó.

 

 

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil