Mír a Dó | Stíl agus FaiseanCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Stíl agus Faisean

Paisean Faisean - Mír a Dó

Trascríbhinn

Bhuel, a Gemma, seo é. Ar mhaith leat culaith uimhir a haon a fheiceál?

Tá sé chomh maith agam. Hmmm… Is maith liom an cóta. Tá an cóta go deas. Níl a fhios agam faoi na buataisí, ach feicfidh muid.

Ar aghaidh leat isteach!

Culaith uimhir a haon.

Céard a cheapfá?

Is fút féin atá sé. Céard a cheapann tusa de?

Bhuel, is breá liomsa chuile phíosa de. Is breá liom an seaicéad, is breá liom na buataisí, is breá liom an sciorta, is breá liom an ‘top’, ach níl a fhios agam faoi chuile rud le chéile.

Taispeáin dúinn an seaiceád, a Gemma.

Céard a cheapfá?

An-deas. Agus céard a cheapfá den chulaith anois?

Á, níl mé cinnte faoi na buataisí. Is maith liomsa sálaí arda mar go bhfuil mé chomh beag, ach tá an seodra go hálainn ar fad.

Agus an chulaith ar fad le chéile?

Á… Go deas! Is maith liom chuile shórt mar a dúirt mé ach níl a fhios agam faoi chuile rud in éineacht le chéile. Ní maith liom na buataisí.

Bhuel, is gearr go bhfeicfidh muid an éireoidh níos fearr le buachaill uimhir a dó. Ar mhaith leat an dara culaith a fheiceál?

Ba bhreá liom é a fheiceál.

Seo linn, a Gemma. Seo é culaith uimhir a dó.

Ó… Níl a fhios agam! Dubh agus dúghorm. Níl a fhios agam. Nílim róchinnte faoi sin ach b’fhéidir. Feicfidh muid, anois.

Bhuel, bain triail as ar aon chaoi.

Ní raibh sí dóchasach, ach céard a cheapann sí faoi chulaith uimhir a dó?

Bhuel, a Aoife. Níos fearr ná a cheap mé.

Inis dom faoi.

Bhuel, ní chuirfinn na dathanna le chéile go brách agus ní phiocfainn an sciorta seo go brách ach le chéile agus iad orm anois níl siad go dona i chor ar bith. An-jab go deo.

Agus céard faoin dá dhath curtha le chéile anois agus tú á fheiceál? Tá sé éagsúil!

Sea, níl sé ródhona i chor ar bith. Tá sé éagsúil! Mar a deir mé, ní chuirfinn le chéile go brách an dá rud seo ach taitníonn siad thar barr liom. Is breá liom na bróga – breá ard – agus is breá liom an seodra. Go hálainn ar fad

Bhuel, níl sé thart fós, a Gemma. Tá culaith uimhir a trí ag fanacht ort. Ar mhaith leat é a fheiceál?

Ba bhreá liom é a fheiceál.

Seo linn. Seo an chulaith dheireanach.

Mmmm… Níl sé ródhona i chor ar bith. Is maith liom an dath. Is maith liom bándearg. Is maith liom an cineál cruth atá ar an ngúna. Hmmm… Níl sé sin ródhona i chor ar bith.

Bhuel, bain triail as!

Culaith uimhir a trí.

Bhuel, Gemma. Céard a cheapann tú?

Bhuel, is breá liom an dath, is breá liom an cruth. Deas ‘girly,’ mar a dúirt mé. Dath álainn. Is breá liom na bróga – sálaí arda arís – ach níl mé róchinnte an fheileann sé dhom.

Bain díot an seaicéad beag go bhfeice muid an gúna seo. Céard a thaitníonn leat faoin ngúna, taispeáin dom é.

Is breá liom an gúna ar fad. Tá sé go hálainn. Chuile shórt. An seod beag agus an cruth atá air agus chuile shórt. Agus an gearradh atá air. Ach, mar a deir mé, nílim róchinnte faoin dath.

Anois, céard a cheapann tú faoin jab atá déanta ag na leaids ar fad?

An-jab ar fad. D’éist siad le chuile fhocal a bhí agam agus phioc siad amach rudaí áille b’fhéidir nach bpiocfainn féin an stuif a phioc siadsan ach rinne siad an-jab ar fad…

Agus cén sórt fir iad féin, meas tú?

Níl a fhios agam ach tá súil agam anois fáil amach.

Bhuel, cuir ort do chuid éadaí féin agus casfaidh muid ar na buachaillí.

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil