Hector Central – Mír 1 | Cúrsaí TaistilCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Cúrsaí Taistil

Hector Mír 1

Trascríbhinn

So, tá siad tar éis mé a scaoileadh saor arís! Ar dtús, turas ocht míle ciliméadar ó Éirinn go Panama. Caithfidh mé ocht seachtainí ag léimt ó bhusanna go báid go heitleáin, ag taisteal ar chúig chéad ciliméadar de bhóithre, aibhneacha agus sléibhte.

– Rachaidh mé trí Costa Rica, Nicaragua, agus ansin an triantán dainséarach – Honduras, El Salvador is Guatemala. Agus críochnóidh mé an turas in uiscí áille an Carribean thuas i mBelize.

– Meiriceá Láir. Anois, ní gá dom a rá libh gur saghas col ceathrar caillte le Meiriceá is ea í, leis na rialtais chama, na narco gangs, na coups agus na réabhlóidí fuilteacha go leor. Is é an cosán drugaí is mó ar domhan é a nascann an Cocaino Columbia le sráideanna Mheiriceá Thuaidh agus na hEorpa. Ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist. Foraoiseacha báistí, na bolcáin, na farraigí teo agus na daoine iontach cairdiúil ar fad. 

– Ach i dtosach, Panama!


Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil