Hector Central – Mír 2 | Cúrsaí TaistilCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Cúrsaí Taistil

Hector Mír 2

Trascríbhinn

– Díreach mar a rinne mé san Afraic agus san Amazon teastaíonn uaim taisteal thart agus bualadh le (sic) na bundúchasaigh ar an turas seo.

– Thart ar chéad míle lasmuigh de chathair Phanama atá talamh an Embera Tribe, agus níl ach bealach amháin le teacht ar a gcampa agus sin ar uisce.

– Seo é an bealach a dhéanann (sic) siad an taisteal ar fad sa chúige seo, cúige Darién, mar níl mórán bóithre ann agus tá an talamh an-deacair, le dhul thart so úsáideann siad na habhainn (sic), úsáideann siad na tributaries. Go mór mór na daoine seo, muintir an Embera.

– Bhuel, tá na leaids ar fad amuigh, tá na cailíní amuigh!

– Tá an leaid óg seo, níl sé ach sé nó seacht mbliana d’aois, ag dul suas an crann ag cuardú an fruit áitiúil seo. Gracias!

Now, an fhad is a bhí muid anseo tháinig roinnt turasóirí eile agus sin an rud atá ag tarlú sa champa seo, tá siad ag maireachtáil as an airgead a shaothraíonn siad as an turasóireacht. Agus níl aon dochar ansin, sin an saol atá acu…

Ar bhealach is fuath liom an cineál eco-tribal tourism seo. Tá sé ar fad beagáinín ‘plaisteach’, beagáinín bréagach. Chuala sibh an taoiseach ansin agus blas láidir Mheiriceá air – ach sin an rogha atá déanta ag an bpobal seo. Caithfidh siad maireachtáil, caithfidh siad dul ar aghaidh leis an saol.

– Cé chomh fada a mhairfidh a gcultúr? Bhuel, sin ceist eile.


Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil