Hector Central – Mír 3 | Cúrsaí TaistilCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Cúrsaí Taistil

Hector Mír 3

Trascríbhinn

– Tá thart ar naoi uaire (sic) an chloig déanta againn insan gcarr seo ó d’fhág muid Panama agus an air-con ar siúl an t-am ar fad. Ní osclaíonn tú na doirse, ní osclaíonn tú an fuinneog (sic) –mar  just léimeann an teas isteach! Tá mise ag rá libh, tá sé te!

– Ú! Tá an air-con ar siúl, agus tá mé bréan d’uisce a ól – teastaíonn uaim an stuif áitiúil a ól!

– Gach caoga méadar, aon áit i Central America, bíonn torthaí ar díol, bíonn juices ar díol, bíonn bia ar díol, mangoes ar díol, coconuts ar díol… Gach caoga méadar!  Agus sin an bealach maireachtála atá acu.

– Go hálainn! Felicidades, a Roscoe. Céard a cheapann tú faoi sin?

– Ar deireadh thiar thall, sroicheann an veain Boquete, baile beag i dtuaiseart Panama a bhfuil cáil an chaife air. Anois, shocraíomar ar an turas seo go n-ólfadh muid an oiread caife maith agus is féidir. Tá sé in am bualadh isteach ar Chaifé Luis, feirm teaghlaigh atá i mbun caife leis na glúnta.

– Anois le theacht mo ghasúr ar an saol seo, agus mo pháistí, tá i bhfad níos mó suime agam i gcaife ná mar a bhí agam riamh. Uair amháin, d’ól mé tae, ach tá mise ag rá libh is breá liom an cupán caife.

– In Éirinn, tá muid ag ól níos mó caife ná bhí muid riamh. Agus anois tá sé in am beagáinín níos mó a fháil amach faoin bplanda cumhachtach seo!

– Tá ré nua caife ag tarlú. Thosaigh sé le Starbucks agus phléasc sé as sin amach agus anois tá na roasters ar fad in Éirinn, atá timpeall na tíre, tá siad ag tabhairt níos mó airde ar an gcaife, tá siad ag tabhairt níos mó airde ar an bean… Tugann siad an third wave of coffee air…

Abhaile


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil