Mír a Dó | CeolCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Ceol

Is Maith Liom Pop! (Mír a Dó)

Trascríbhinn

 

Sa mbliain 2001 a cuireadh tús leis na cláir réalaíocha ceoil i Sasana le Pop Idol. Rinneadh aithris ar leagan amach an chláir i ngo leor tíortha éagsúla: American Idol i Meiriceá, mar shampla. Inniu, is mór an seans go bhfuil ré na gclár réalaíocha ag teacht chun deiridh ach nuair a cuireadh tús leo, is cinnte go raibh an lucht leanúna tógtha leis an drámaíocht, leis an gceol agus leis an mbaint a bhí acu le torthaí an chomórtais. Sa gcéad tsraith de seo caitheadh níos mó vótaí ná in aon chlár riamh ach an cuimhin libh cé a bhuaigh é?

Níl sé sin ar eolas agam!

An Gareth Gates a bhí ann? Níl a fhios agam!

Gareth? No. Gareth?!

An é Will Young a bhuaigh?

Will Young?! Tá go maith!

Sea, ba é Will Young a bhí i gceist. Ba é sin an chéad shingil óna chéad albam, Friday’s Child, a d’eisigh sé sa mbliain 2003. Ó shin, tá trí albam eile eisithe aige, an ceann deiridh acu siúd in 2011 a chuaigh díreach isteach sna cairteanna ag uimhir a deich.

Níor thaitin Will Young liom ar chor ar bith.

Bheifeá ag ceapadh go mbeadh níos mó déanta aige ná mar atá déanta aige. Ach i rith an chomórtais agus tar éis an chomórtais thaitin sé le go leor daoine.

Cá bhfuil sé anois?

Ó bhí cúpla amhrán álainn aige.

Bhí sé an-mhaith ag canadh, ach n’fheadar cá bhfuil sé anois.

Sea, cá bhfuil sé anois? Bhuel, chuaigh Young le haisteoireacht freisin agus tá lear beathaithnéise scríofa aige. Cé gur beag cainte atá inniu air, nach mbeadh mórán againne in ann mórán dá chuid amhrán a ainmniú, tá sé fós ag obair leis agus ag saothrú cúpla pingin tá mé cinnte.



Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil