Mír a hAon | CeolCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Ceol

Is Maith Liom Pop! (Mír a hAon)

Trascríbhinn

Ó am go chéile eisítear amhrán a chuireann meangadh gáire ar gach duine a chloiseann é, cuma cén seánra ceoil is maith leo.

Má bhíonn cúrfa tarraingteach leis, chomh maith le físeán spraíúil, ní bheidh aon rogha agat ach do cholainn a bhogadh leis an gceol.

D’éirigh le Pharrell Williams duine ar fud na cruinne a chur ag gáire agus ag damhsa nuair a d’eisigh sé an singil Happy sa mbliain 2013 don scannán Despicable Me 2. Ainmníodh é don gradam “an t-amhrán is fearr” ag na gradaim ‘Oscars’ agus cé gurb é ‘Frozen’ a thug an ‘gong’ abhaile an oíche sin, níor chuir sé sin aon srian leis an éileamh a bhí ar an amhrán ná ar dhaoine aithris a dhéanamh ar an damhsa.

Dá gcanfá níos moille é agus le geitsíócht do pháistí, d’fhéadfá é a chanadh do na naíonáin!

Níl a fhios agam… Nuair a chloiseann tú é bíonn tú féin ‘happy,’ bíonn tú ag iarraidh dul ag damhsa leis!

Nuair a éistíonn tú leis ní féidir leat ach é a bheith greamaithe i do chloigeann agus má sheinneann siad ar an raidió é oiread agus uair amháin tá sé istigh i do chloigeann ar feadh an lae!

Tá sé chomh simplí ach tá sé tar éis greim a fháil ar dhaoine ar bhealach nach n-éiríonn le mórán amhrán a dhéanamh go rómhinic.

Cén duine nach mbeadh sásta tar éis éisteacht leis an bhfíseán sin? Bhain sé uimhir a haon amach i 99 dtír éagsúla agus chaith dhá sheachtain déag ag uimhir a haon in Éirinn nuair a eisíodh é ag tús na bliana dhá mhíle is a ceathar déag.

 



Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil