Mír a Trí | CeolCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Ceol

Is Maith Liom Pop! (Mír a Trí)

Trascríbhinn

 

Le os cionn céad seachtó milliún ceirnín díolta le beagnach dhá scór bliain ní féidir dul in iomaíocht le Bono agus na leaids as U2. Is iad Westlife an banna popcheoil is aitheanta gan dabt, agus le deich mbliana anuas tá bannaí nua ag déanamh thar cionn dóibh féin in Éirinn agus thar lear.  In 2003 tharraing albam banna as Tuaisceart Éireann aird mhór: Final Straw arb ainm don albam agus díoladh trí mhilliún cóip de ar fud an domhain.

Ní raibh na leaids ach ina thús mar trí bhliana ina dhiaidh sin nuair a d’eisigh siad Eyes Open bhí a gcáil ag scaipeadh go tréan ar an margadh idirnáisiúnta. Nuair a casadh an singil ba mhó den albam Chasing Cars ar Grey’s Anatomy ansin bhí eolas i bhfad is i ngearr ar Snow Patrol.

Is breá liomsa Snow Patrol. Is iad ceann de na bannaí is fearr liom riamh agus ó na ceolchoirmeacha uilig a ndeachaigh mé go dtí agus na gigs ar fad is iad Snow Patrol is mó atá feicthe agam, ceapaim.

Smaoiním ar Gary Lightbody agus ar an nglór aoibhinn atá aige…

Agus sa bhfíseán sin tá sé sínte ar an urlár don rud ar fad ag féachaint suas sa spéir ag lorg comhairle nó rud éigin.

Dúirt mo chairde liom tá aithne agat ar an mbanna seo cinnte. Agus an t-amhrán a chas siad dom ná ‘Chasing Cars’… Agus bhí mé ‘oh yeah’ tá a fhios agam anois iad ach ní raibh mé mar fan nó tada roimhe sin go dtí an amhrán (sic) sin.

Bhí Chasing Cars go maith ach ní thaitníonn siad liom i chor ar bith. Bhí mise, like, Spice Girls, Britney Spears, Backstreet Boys, Boom.

Gach uair a chuimhním air cuimhním ar Grey’s Anatomy mar bhí sé mar chuid de cheann de na clárachasan agus, just, cuirim an dá rud le chéile.

An cineál fonn sin, d’oibreodh sé go maith le haghaidh montage nó rud éigin den tsórt sin: Ceol ar chúlra ag sraith teilifíse, agus é ag teacht chuig buaicphointe tábhachtach.

Abhaile


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil