Gleo: Mír a hAon | Na Meáin ShóisialtaCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Na Meáin Shóisialta

GLEO - Mír 1

Trascríbhinn

Facebook, Snapchat, Youtube, Instagram, TwitterBaintear leas as na meáin shóisialta chun caidreamh sóisialta a dhéanamh le daoine eile. Is féidir eolas, tuairimí nó mothúcháin a roinnt i gcomhluadar fíorúil le pobal cairde atá ar aon intinn leat féin. Braitheann úsáid na meán shóisialta (sic) ar ardán idirghníomhach atá síoraí ag athrú. Ach cén leas gur féidir a bhaint as na meáin shóisialta nó an mó dochair atá siad a dhéanamh? Pléifidh muid é seo uilig inniu ar GLEO.

Bhuel, níos deireanaí ar an gclár beidh muid ag caint le fear a chaith seal ag obair le hAontas na Mac Léinn. Tá ról lárnach aige i bhfeighil an úsáid na meáin shóisialta (sic) do Chonradh na Gaeilge, suíomh a bhain gradam don suíomh is fearr Gaeilge amach ag na ‘Social Media Awards’ in 2014. Ach, i dtosach, cén tionchar atá ag na meáin shóisialta ar dhaoine óga na tíre seo? Chas muid le roinnt scoláirí chun freagra na ceiste a fháil agus chuala muid freisin ó Anthony Quigley uaidh Institiúid na Meán Digiteach i mBaile Cliath agus urlabhraí Facebook. Seo é an méid a fuair muid amach.

Chun an fhírinne a rá, ní bhainim go leor úsáide as na meáin shóisialta. Bím ar Facebook anois is arís, ar feadh, b’fhéidir, leathuair in aghaidh an lae, le haghaidh teachtaireachtaí a sheoladh chuig mo chairde atá ina gcónaí i bhfad uaim.

Bím ag seiceáil mo leathanach Facebook gach lá ach úsáideann mé Snapchat chun caint le mo chairde freisin.

Úsáideann mé Facebook, Instragram, Snapchat, BBM, na cinn a úsáideann an chuid is mó de na daoine de m’aois…

Úsáidim Facebook agus beagáinín Tumblr

Bím ag úsáid Facebook, Snapchat, Instagram, BBM. Sin iad na meáin shóisialta a bhím ag úsáid go minic, you know, le bheith i dteagmháil le mo chuid cairde agus, you know, daoine eile…

Ar an laptop agus ar an nguthán póca…

Ar m’fhón sa bhaile…

Bhuel, tá fón póca cliste agam, so aon áit… sa gcarr nó ag siúl abhaile

An fón agus an iPad agus an laptop!

Ar  m’fhón póca…

Sa mbaile agus ar m’fhón.  Tá aipeanna ar m’fhón a úsáidim scaití so bíonn sé níos éasca teacht isteach ar na rudaí ar na meáin shóisialta.

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil