GLEO: Mír a Trí | Na Meáin ShóisialtaCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Na Meáin Shóisialta

GLEO - Mír 3

Trascríbhinn

– Sharon, bíonn tú ag úsáid na meáin shóisialta (sic) i do shaol pearsanta chomh maith le do shaol oibre agus rinne tú fiosrúchán isteach ar an tionchar a bhíonn ag na meáin shóisialta ar chaidrimh. Tá mé ag dul labhairt leat faoi sin faoi cheann cúpla noiméad ach I dtosach féachaimid céard a cheapann na scoláirí faoi seo.

– Is dóigh liom go bhfuil daoine ag brath an iomarca orthu, agus mar sin ní féidir leo a bheith…comhrá a bheith acu agus suí síos in aice lena chéile. Is dóigh liom go bhfuil daoine níos ciúine anois ná mar a bhíodh, agus mar sin de, níl muid ag déanamh cumarsáid cheart lena chéile.

– An tseachtain seo caite chuaigh mé amach le haghaidh dinnéir agus d’fhéach muid timpeall ar an mboird agus gach duine mar seo… {ag féachaint síos}

– Nuair atá mé sa bhaile ní féidir liom like breathnú ar scannán le mo chlann seachas like nuair atá mo ghuthán ag mo thaobh … so tá sin… níl sé sin rómaith.

– Sa bhaile like um thráthnóna like, bíonn tuirse orm agus just suím síos le m’fhón póca agus ní bhíonn mé ag caint le mo thuismitheoirí nuair atá siad ag cur glaoch orm nó rud éigin.

– Bhuel, Sharon, do bharúil faoin méid a chuala tú ansin agus do chuid fiosrúchán féin?

– Bhuel, scríobhas alt mar gheall air seo don Irish Examiner i mbliana agus is cinnte go bhfuil tionchar ag na meáin shóisialta ar an gcaidreamh atá againn leis na daoine timpeall orainn agus ’séard a bhí i gceist agam san alt a bhí á scríobh agam ná an tionchar diúltach in ionad an tionchar dearfach, agus is cinnte go bhfuil tionchar dearfach ann. Ach, tá an-chuid daoine a bhíonn sa tseomra céanna le chéile nó ag suí ag ithe dinnéir le chéile ach ní bhíonn siad sa spás céanna…

– Mar a dúirt an cailín ansin, bíonn na cloigne síos, i gcónaí…

– Sea, sin é mar a tharlaíonn.  Fiú amháin le mo chairde, tá saghas cleas againn anois nuair a théann muid amach i gcomhair dinnéir: cuireann gach duine an fón póca istigh i lár an bhoird agus an chéad duine a thógann an fón póca, siadsan a bheidh ag díol as an dinnéar!

– An-smaoineamh, an smaoineamh!

– Mar tá gach éinne chomh tógtha san leis an bhfón póca anois… Agus fiú amháin daoine i ndeireadh an lae, suite síos, ag féachaint ar an teilifís, ní bhíonn siad ag féachaint ar an teilifís le chéile, bíonn duine amháin acu ar an bhfón agus duine eile b’fhéidir ag féachaint ar an teilifís agus ní féidir leo labhairt mar gheall ar an gclár ina dhiaidh mar ní raibh duine amháin fiú amháín ag féachaint ar an gclár so is cinnte go bhfuil tionchar an-diúltach aige ar an…

– Agus an dóigh leat go bhfuil sé ag fáil níos measa mar gheall go bhfuil an teicneolaíocht ag fáil níos fearr?

– B’fhéidir go bhfuil sé ag fáil…n’fheadar. Is dóigh liom go bhfuilimid fós ag foghlaim mar gheall ar conas atá sé seo ag dul i bhfeidhm orainn agus toisc gurb iad daoine óga den chuid is mó a thosaíonn ag úsáid na rudaí seo ar dtús agus toisc b’fhéidir, níl a fhios acusan na himpleachtaí nó an tionchar atá aige orthu. Is dóigh liom go bhfuil muid fós ag foghlaim agus b’fhéidir i gceann deich mbliana, beidh tuiscint i bhfad níos fearr againn ar conas go bhfuil sé dulta i bhfeidhm orainn agus b’fhéidir go mbeidh…cosúil le Sophie, ’sea cosúil le bhíbhí Sophie ag rá, go dteastaíonn córas nó rialacha nó saghas etiquette mar a bhí sí ag rá.

– Na cairde seo atá againn ar líne, an dóigh leat gur féidir linn caidreamh pearsanta a bheith againn leo mar nach bhfuil siad sa seomra céanna linn.

– Is dóigh liom gur féidir. Tá an-chuid cairde agamsa ar líne, fiú amháin tá cairde agam nár bhuailis leo riamh i mo shaol agus tá an-chuid cairde agam atá ina gcónaí thar lear anois agus fanaim i dteagmháil leo trí na meáin shóisialta ach cé go bhfuil an chumarsáid san iontach, níl sé ar an leibhéal céanna is an chumarsáid leis na daoine atá ag an mbord timpeall ort mar say gur tharla rud éigin anois agus go raibh mé in ísle brí,ní féidir leo lámh a chur timpeall ort, nó ní féidir leo gol leat nó pé rud é.  Nó má tharlaíonn rud iontach ní féidir leo a bheith suite in aice leat agus barróg a thabhairt duit agus a bheith ag béicíl agus ag léimt timpeall. Níl sé mar an gcéanna.

Abhaile


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil