Mír a Dó | Saol na hOibreCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Saol na hOibre

Trascríbhinn

– Seán Ó Domhnaill is ainm orm (sic). Is dóigh, tá mé i mo chónaí anseo ar an gCeathrú Rua is dóigh, ón lá a rugadh mé. An post atá faoi láthair agam, tá mé i mo bhainisteoir ar Chomharchumann, Comharchumann Mhic Dara anseo ar an gCeathrú Rua. Post lánaimseartha, tá mé ag baint an-cheart as, tá mé bainteach le forbairt pobail; is post é a thaitníonns liom agus an obair a bhíonns ag baint leis.

– Bhí sé dian! Is dóigh gur rud faoi, tá siad ag iarraidh thú a bhriseadh. Is dóigh gurb é an rud atá faoin BA, tá siad ag iarraidh tú a chur i spota chomh dona nó b’fhéidir níos measa a bheas ort féin a dhul isteach ann nuair a thiocfas an lá, is dóigh, lá ceart a chaithfidh tú a dhul isteach i dtine i dteach nó i bhfoirgneamh mar sin.
– Tá muid istigh sa dara seachtain anois ag traenáil anseo i mBré chun an breathing apparatus… Nuair a bhíonns tú á dhéanamh chuile lá tagann tuirse ort agus ní hamháin go mbíonn tú tuirseach go fisiciúil ach ach bíonn tú tuirseach san intinn freisin. Tá sé an-chrua ar an intinn. Caithfidh tú a bheith ag cuimhneamh i gcónaí agus nuair a bhíonns sé te ní bhíonn tú ag smaoineamh i gceart agus níl sé ésaca smaoineamh nuair atá brú ort. Agus bíonn na múinteoirí freisin ag iarraidh muid a chur amú, ag iarraidh brú a chur orainn go bhfeicfidh siad cén chaoi a mbeidh muid nuair a thiocfas brú mar i ndáiríre dá mbeadh teach ceart ann seo hiad na coinníollachaí, bheadh na coinníollachaí chomh dona seo.
– Nuair a théanns muid isteach ní fheiceann muid aon rud. Ní fheicfeá do lámh fiú thuas ag d’éadan. Sin é… Ní fheicfidh tú aon rud ar chor ar bith sa deatach. Agus nuair a chuaigh muid isteach i dtosach bheadh beagán faitíos ort. Ach tá mé a cheapadh go bhfuil muid ag fáil cleachtaithe air anois agus ag fáil cleachtaithe ar an teas freisin.
– Bhí sé an-aisteach, dháiríre, mar níor thuig muide an teas a bhain leis go ndeachaigh muid isteach ann. Like, níl a fhios an t-uisce a bhí muid ag ól: thuas sna déaga de lítearachaí uisce sa ló. Agus an t-éadach báite. Agus bhí éadach trom againn le dhul isteach ann, bhí fire suits orainn agus rudaí. Bhí sé fíor-, bhí sé fíor- fíorthe istigh ann.
– Maidir le hallas, de réir mar a bhí an t-uisce a dhul isteach bhí sé ag tíocht amach díreach thríd an craiceann. Ní ba thúisce ólta a’d nó tú goite isteach sa tine agus é curtha amach arís san allas a’d, an tóiméad sin.

A: Freagair na ceisteanna

B: Agallamh

An mbeadh spéis agat i ngairm mar chomhraiceoir dóiteáin? Tabhair cúiseanna le do fhreagra.

C: Plé ranga

Pléigh ceann de na ceisteanna thíos le do pháirtí ranga.

An raibh tú ag obair le linn do shaoil? Inis do do pháirtí ranga na dualgais a bhí ort agus an cineál oibre a bhí le déanamh, agus déan cur síos ar na daoine a bhí ag obair leat.

An bhfaigheann tú airgead póca bunaithe ar an obair a dhéanann tú sa bhaile? Inis do do pháirtí ranga na freagrachtaí atá ort sa bhaile agus na rólanna difriúla atá ag baill do theaghaigh in obair an tí.

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil