Mír a hAon | Saol na hOibreCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Saol na hOibre

Trascríbhinn

– As Leitir Mealláin mé ó thús: tá mé ar an gCearthú Rua anois like le ceithre bliana déag. Chuir mé suim ann ar dtús mar rud nuaí [ = nua] a bhí san áit é agus cheap mé go bhfeilfeadh sé mé [a bheith] ag obair san áit agus i mo chónaí, bhí mé i mo chónaí gar dhó agus bhí mé ag rá go bhfeilfeadh sé mé ar dtús nuair a bhreathnaigh mé isteach ann agus ansin dúirt é go mbainfinn triail as go bhfeicfinn cén chaoi a dtaitneodh an post liom mar ní bheadh a fhios agam i ndáiríre cén chaoi a dtaitneodh sé liom nó go dtriailfinn ar dtús é.

– Tá mé a cheapadh gur chuidigh sé iontach linne go ndeachaigh muid uilig ann le chéile, cinnte. Bheadh rudaí beaga a dhéanfá dearmad air agus dhéanfadh do mhatecinnte, dhéarfadh sé leat, ‘Breathnaigh, tá sé in am a’d [ = agat] an cloigín a checkeáil.’ Déarfadh sé i nGaeilge é freisin leis an dul amú a chur ar an bhfear a bhí ag coinneáil an tsúil orainn.
– Maidhcí Ó Flatharta is ainm dom. Is as an gCeathrú Rua mé. Tá sé thart ar dhá nó trí chéad céim celsius istigh sa bhfoirgneamh BA. Bhí mé féin ag cuimhneamh, nuair a chuireann tú píotsa isteach san oven, bíonn sé thart ar dhá chéad céim celsius agus bíonn sé istigh ann le haghaidh leathuaire. Agus bhí muide istigh anseo ag an teocht chéanna agus muid féin a fáil róstaithe, achTá an t-éadach dháiríre… tugann an t-éadach cosaint dhuit. Ach fós, cuirfidh tú go leor allais.
 casualty, nó an dummy, bíonn ar bheirt an duine seo a chrochadh amach agus dháiríre tá siad sách trom! Ach, is iontach an traenáil é sin. So, sin é an traenáil, mar a déarfá, dháirire, a sheasfas linn má tharlaíonn sé go gcaithfidh muid dul isteach i dteach atá trí thine.

A: Freagair na ceisteanna

B: Plé ranga

Déan cur síos ar an timpeallacht oibre idéalach, dar leatsa, do do pháirtí ranga. Déan tagairt do na nithe thíos:

  • na coinníollacha oibre
  • na daoine a mbeifeá ag obair leo
  • aon rud eile a bheadh tábhachtach i do thuairim.

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil