Mír a Dó | Spóirt agus SláinteCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Spóirt agus Sláinte

GLEO - Mír 2

Trascríbhinn

Is dócha go bhfuil an cairdeas a fhaigheann tú ón bpeil agus ón you know, ó spórt go ginearálta, sin é an rud is fearr agus sin é an rud a bhíonn ann ag an deireadh.

– You know, na boinn agus na rudaí sin, tá siad go deas but is iad na cuimhní is mó, agus na cairde,, sin iad na rudaí a mhaireann. You know, bhí an t-ádh liomsa, bhíos ann am go raibh sé an-dáiríre ach ag an am céanna bhí saol sóisialta maith againn leis, amanta áirithe sa bhliain!’

Le Ciarraí anois tá fear darb ainm dó Kevin Beasley ó Lios Tuathail, tá seisean ann lánaimseartha linn agus an t-aon fhreagracht atá air ná aire a thabhairt don bhia lena chinntiú go bhfuil gach rud á dhéanamh i gceart ag na leaids. Bíonn, you know, is dócha plean ithe pearsanta ag gach duine, bíonn daoine difriúla ann go mbíonn rudaí difriúla ag teastáil uathu, agus déanann Kevin an-jab leis na leaids sin.

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil