Mír a hAon | Spóirt agus SláinteCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Spóirt agus Sláinte

GLEO - Mír 1

Trascríbhinn

Bhur gcéad fáilte isteach go dtí GLEO. Do spás, do smaointe. Gach Déardaoin beidh deis cainte á tabhairt daoibhse le plé a dhéanamh ar chúrsaí reatha a bhaineann libhse. Grá, gairmeacha, faisean, ceol. Agus inniu, beidh cúrsaí spóirt agus sláinte faoi chaibidil againn.

Liom sa stiúideo, tá imreoir peile Bhaile Átha Cliath, Ciarán Kilkenny; diaitéiteach le foireann rugbaí Chúige Mumhan, an Dr Catherine Norton; rí craoltóireachta na hÉireann, Mícheál Ó Muiricheartaigh; Seán Ó Gabhnáin, imreoir liathróid láimhe uaidh Choláiste an Eachréidh; Cianna Ní Churraoin, imreoir peile agus camógaíochta agus le contae na Gaillimhe agus Breandán Ó Cionnaith a bhfuil a chomhlacht Tae-Kwan-Do agus kickboxing  féin aige. Tá áilte romhaibh ar fad!

Is foinse tacaíochta í dom. Fiú muna bhfuil mé ag déanamh cearáité, tá siad fós ag tabhairt tacaíochta dom.

Tá m’fhoireann iománaíochta cosúil le clann eile! Tá sé an-tábhachtach. Dhá bhliain ó shin bhuaigh mo chlub Craobh Iománaíochta na hÉireann – ní raibh mé páirteach – ach an fhoireann shinsearach, agus tháinig an ceantar ar fad le chéile…

Bhí spórt lárnach i mo shaol laethúil ag an mbunscoil i Leic Snámha. Gach lá ag am sosa agus ag am lóin bhíodh caid againn agus ansin nuair a thiocfaimis abhaile  ansin i ndiaidh an lae scoile – uair an chloig – bheimis sa bhaile thart ar leathuair tar éis a trí agus an uair an chloig sin sular  tháinig dorchadas bheadh peil nó iománaíocht nó sacar nó rud éigin againn sa ghort in aice leis an tigh.


Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil