Mír a Trí | Spóirt agus SláinteCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Spóirt agus Sláinte

GLEO - Mír 3

Trascríbhinn

Laoch spóirt! Cailín inspioráideach amach is amach. Mícheál, níl aon dabt ach go gcaithfidh tú a bheith iontach dírithe leis an leibhéal sin de rath a bhaint amach, a bheith ag traenáil go dian, mar a dúirt Katie, lá i ndiaidh lae. An féidir le duine ar bith é sin a dhéanamh nó an bhfuil duine faoi leith ag teastáil?

Duine faoi leith. Caithfidh an meon a bheith i gceart acu agus caithfidh siad a bheith in áit go bhfuil duine éigin a thabharfaidh inspioráid bhreise dóibh. Is dóigh liom a hathair. Luann sí an t-athair go minic. An-tionchar aige agus b’fhéidir gurb eisean a dhírigh í sa treo ceart i dtosach, ach mar a dúirt sí féin, tá sí sásta an obair a dhéanamh. Dúirt sí, ‘ní féidir é a ghearradh ná aon rud,’ caithfidh tú an rud go léir a dhéanamh. Ní bhíonn sí ag cleamhsán, ní bhíonn sí ag gearán. Déanann sí a cuid oibre, agus ansan, fágann sí faoi Dhia é, agus í féin agus na doirn. Aspal dornálaíochta na mban, gan amhras ar bith.

Dochreidte. Bhuel, luaigh sibh roimhe seo agus chuala muid Éamonn Fitzmaurice agus na scoláirí ag déanamh tagairt don bhia… A Chatherine, tiocfaidh mé ’agatsa mar dhiaitéiteach le foireann rugbaí peile na Mumhan. Céard é an rud is tábhachtaí faoi aiste bia le haghaidh thú féin a chur chun cinn?

Dúirt Cianna an rud cheana féin. Tá sé… ba chóir go mbeadh an fuinneamh atá oiriúnach le haghaidh an spóirt atá i gceist…. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil na nutrients go léir atá riachtanach … proteins, carbohydrates, na nutrients atá le fáil as glasraí agus torthaí a ithe go minic Tá sé thar a bheith tábhachtach a bheith ullmhaithe i gceart le haghaidh dul ag traenáil, agus tá do recovery fíothábhachtach freisin.

Abhaile


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil