Mír a hAon | Teicneolaíocht ChumarsáideCeachtannaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Teicneolaíocht Chumarsáide

Caitlín Eile (Mír a hAon)

Trascríbhinn

– Tá Caitlín Nic Aoidh ag obair mar láithreoir teilifíse ar TG4 le cúpla bliain anuas. As ceantar Chloich Chionnaola i nGaeltacht Dhún na nGall di ó dhúchas. Tá sí ag cur fúithi i nGaillimh le cúpla bliain.

– Bhí teachtaireachtaí fágtha aici ar SnapChat le roinnt laethantaí anuas, agus tá cairde léi imníoch faoin iompar aisteach a bhí ar bun aici le cúpla lá.

– Thosaigh sí ag cur teachtaireachtaí suas, is cuimhin liom, ar Facebook s’aici… Bhí siad cineáilín ait. Chomh maith leis sin, bhí sí ag rá go raibh fir ghrinn dá leanúint thart timpeall TG4 – níor thuig mé sin! Agus, actually, lá amháin bhí muid thíos sa stiúideo agus nuair a bhí an bheirt againn ann… am lóin a bhí ann; ní raibh aon duine eile ag obair, agus chomh luath is a bhí muid sa stiúideo thosaigh na ceamaraí ag casadh, bhí na soilsí ag dul ar siúl agus ansin bhí siad múchta arís, agus just bhí rudaí neamhghnácha mar sin ag tarlú.

– [Anseo ar TG4…]

– Bhí buaiteoirí chomórtas Snapchat á dtaispeáint timpeall oifigí TG4 nuair a tugadh isteach ag stiúideo na haimsire iad le Caitlín a fheiceáil beo ar an aer nuair a tharla an t-eachtra seo.

– Mar beidh sé contúirteach agus ní mholfainn do… [Béic.]

– Dearbhaíonn sé gur bhuail buille tintrí í. Níl tásc ná tuairisc uirthi ó shin.

– Thosaigh sí ag tabhairt réamhaisnéis na haimsire amach agus ansin, just… déarfainn nach raibh b’fhéidir ach deich soicind déanta aici go dtí… agus ní féidir liom é a mhíniú fós ach go bunúsach, bhí lasrach ann, bhí torann mór ann, agus chomh sciobtha sin bhí sí imithe! Anois, bhí mise agus an buaiteoir in aice leis an doras, níl ann ach doras amháin sa seomra sin, sa stiúideo sin, agus is féidir liomsa a rá nár imigh sí amach an doras sin.

– Tá TG4 ag impí ar an bpobal teagmháil a dhéanamh leo má tá aon eolas acu faoin méid a tharla do Chaitlín. Is féidir é sin a dhéanamh ar SnapChat ag TG4TV.

– Irene Ní Nualláin, Fuacht TG4

A: Freagair na ceisteanna

B: Líon na bearnaí

C: Cur i láthair don teilifís

Roghnaigh alt nuachta ón idirlín (msh. tuairisc.ie, nos.iewww.rte.ie/nuacht) agus déan taifeadadh ort féin ag déanamh aithrise air le do ghuthán póca. 

Nuair atá sé sin déanta, taispeáin do mhír don rang.

Roinn do chuid tuairimí leis na daoine eile sa rang maidir lena gcuidsean míreanna.

Bain úsáid as na moltaí thuas chun cabhrú leat!

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil