Mír a Dó | An Teach | Ceachtanna | TG4 Foghlaim | TG4 | Súil Eile Skip to main content
Menu

An Teach

Tithe Cois Farraige (Mír a Dó)

Trascríbhinn

 – Dá mbeifeá ag scríobh liosta de na rudaí a theastaíonn ó shuíomh le bheith foirfe bheadh siad ar fad anseo agat. Coill dhúchasach ársa. Sléibhte mórthimpeall agus, ar ndóigh, an fharraige. Is í an cheist atá agamsa ná, ina leithéid d’áit, cén sórt teach a thógann ailtire dhó féin?

 – Tá an teach nua-aimseartha lena dhíon féileacáin neadaithe isteach i gcoill dhúchasach an tsuímh aoibhinn seo. Riachtanais an teaghlaigh a bhí ar intinn ag Peait agus Sarah nuair a dearaíodh é. Áit le sos a thógáil ón saol, agus le spraoi a bheith acu le clann agus cairde.

 – A Pheait!

 – A Shíle, fáilte isteach!

 – Go raibh míle maith agat! Tearmann ceart atá anseo, nach ea? Bhabh, tá sé seo go hálainn.

 – Tá.

 – Ar lá mar seo bheadh tú just taobh amuigh an t-am ar fad, nach mbeadh?

 – Taobh amuigh an t-am ar fad agus ag snámh, ag iascaireacht agus ag rothaíocht.

 – Bhabh! Ó, tá an dath chomh láidir an nóiméad a shiúlann tú isteach!

 – Yeah, bhuel, tá an-chuid dathanna in úsáid sa teach seo so ní gá go mbeadh gach balla bán – cosúil le teach gach ailtire. Bíonn siad bán agus bán… Tá an-chuid dathanna anseo!

 – So, an spás seo, níl ann, a Shíle, anseo ach spás praiticiúil toisc go bhfuil an teach seo in aice leis an bhfarraige agus leis an trá, tagann na déagóirí agus an-chuid gainimh agus wetsuits orthu…

 – Agus is féidir chuile rud a chrochadh thuas ansin!

 – Is féidir, yeah. Is spás praiticiúil atá ann. Sin an méid, drop zone.

 – Cruthaíodh an teach seo do laethanta saoire. Dhearaigh Peait é le go mbeadh neart spáis ann do chuairteoirí. Tugann na dathanna éagsúla i ngach seomra beocht agus fuinneamh don áit. Agus tá na hábhair a roghnaigh siad, idir urláir agus troscán, éasca le coinneáil glan.

 – Tá sé an-simplí an spás, like, an-áisiúil – agus tá go leor spáis ann, nach bhfuil?

 – Bhuel, níl sé rómhór. Tá sé éifeachtach. Seo an príomhsheomra codlata.

 – Is breá liom an dath!

 –  Yeah, tá sé láidir, ach tá sé beomhar.

 – Breathnaigh ar an radharc! Bhuel, sin an príomhrud sa seomra seo. Nuair a dhúisíonn tú ar maidin, tá fonn ort fanacht sa leaba ag féachaint ar an radharc álainn agus an ghrian ag teacht isteach san fhuinneog.

 – So, seo seomra na bpleidhcí! Seomra na ndéagóirí.

 – OK, so, tá ceithre leaba istigh anseo.

 – Tá, ach uaireanta bíonn ochtar sa seomra!

So, is fíortheach clainne é seo.

 – Díreach é, díreach é. Agus tá doras sa seomra seo agus téann sé díreach amach sa spás seo, tá saghas patio ann.

 

A: Freagair na ceisteanna

B: Troscán

C: Plé ranga

Pléigh na ceisteanna thíos le do pháirtí ranga.

Samhlaigh go bhfuil tú ag obair mar ghníomhaire eastáit agus go bhfuil na daoine thíos ag iarraidh comhairle ort maidir le lóistín a bheadh feiliúnach dóibh. Cuimhnigh ar na riachtanais atá acu agus déan moltaí maidir leis na rudaí a theastaíonn uathu.

  • A – grúpa daoine óga ag cuardach lóistín don bhliain ollscoile
  • B – pinsinéirí ag lorg áit chónaithe fheiliúnach do dhaoine aosta
  • C – lánúin óg le beirt pháirtí faoi sheacht mbliana
  • D – bean phroifisiúnta atá ag lorg áit shuaimhneach le dul ar an deireadh seachtaine

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil