Mír a hAon | An Teach | Ceachtanna | TG4 Foghlaim | TG4 | Súil Eile Skip to main content
Menu

An Teach

Tithe Cois Farraige (Mír a hAon)

Trascríbhinn

 – Táim ag dul ag castáil le Tarla Mac Gabhann, le ról an ailtire a phlé. Is eisean a dhearaigh an teach fíorspéisiúil seo. Teach le cruth faoi leith agus ainm a théann leis,  ‘Teach na Muice.’

 – Is teach saoire é seo agus bhí na húinéirí ag iarraidh go mbeadh chuile dhuine sa gclann in ann bailiú le chéile sa spás cónaithe mór. Tá an teach dírithe ar an radharc. Tá sé le feiceáil as chuile sheomra. An Mhucais ag síneadh go spéir agus an fharraige thíos fúithi.

 – D’úsáid Tarla balla gloine le doirsí a osclaíonn go dtí an taobh amuigh leis an timpeallacht a thabhairt isteach nó an duine a thabhairt amach. Cuireann sé an-bhéim ar dhearadh na bhfuinneogaí.

 – Na fuinneogaí seo, sin an áit a téann (sic) an ghrian síos sa tráthnóna. So tá sé cosúil le Newgrange, tá, amharc, ag dul isteach sa seomra sin. Am, you know, tchínn tú ansin, tá sé iontach cúng ansin agus rud beag dorcha agus ag deireadh an turais isteach ansin tchínn tú go bhfuil fuinneog ag an taobh eile, so cineál de architectural device le daoine a ghlacadh isteach ansin – so sin an smaointiú a bhí againn ansin.

 – Dhearaigh muid é sa dóigh go bhfuil storage agus preasannaí againn thuas anseo. Thig leat an radharc a fheiceáil nuair atá tú ag obair anseo agus thig leat labhairt le do chairde. Ar mhaith leat cupán caife ansin? mar shampla.

 – Gloine fíona!

 – Gloine fíona, mar shampla.

 – Ag an taobh eile den teach, tá na seomraí codlata agus an seomra beag teilifíse.

Is breá liom an spás seo! Tá sé cineál cosy ar bhealach, b’fhéidir mar gheall nach bhfuil ach an dá fhuinneog sin ann…

 – Yeah, bhuel, mothaíonn sé…tá sé cosúil le bheith i rud éigin atá ag bogadh. So tá sé rud beag cosúil le bheith taobh istigh de long agus tchínn tú an fharraige, tchínn tú na carraigeacha taobh amuigh ansin.

 – Tá an teach, an ceantar agus na radharcanna ciúin, agus dhéanfadh duine neart machnaimh anseo.

 

A: Freagair na ceisteanna

B: Obair bheirte

Pléigh na ceisteanna thíos le do pháirtí ranga.

  1. Cé mhéad seomra atá i do theachsa?
  2. Déan cur síos ar:
    • do chistin
    • do sheomra codlata
    • do sheomra suí
  3. Céard é an seomra is fearr leat sa bhaile? Cén fáth?
  4. An bhfuil tú i do chónaí gar do do ghaolta agus do do chairde?
  5. An bhfuil tú i do chónaí in aice le háiseanna aclaíochta agus siamsaíochta?

Ar aghaidh


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil