Mír a Trí | An Teach | Ceachtanna | TG4 Foghlaim | TG4 | Súil Eile Skip to main content
Menu

An Teach

Tithe Cois Farraige (Mír a Trí)

Trascríbhinn

Féach ar na sléibhte! An gcaitheann tú do shaol i do shuí anseo ag breathnú amach?

 – Ó, gan dabt. Agus féach ar an radharc atá againn anseo. Tá sibh chomh gar don fharraige ansin, nach bhfuil?

 – Tá muid an-ghar agus is maith linn é sin.

 – Tá radharcanna aoibhinn ag an teach amach go hInis Ní, Cloch na Rón, agus Iorras Beag. Ach mar gheall go bhfuil sé dírithe ó thuaidh, bhí ar an ailtire, Eugene Mulcaire, smaoineamh ar bhealach le tairbhe a bhaint as teas na gréine ó dheas.

 – So, tá fuinneogaí agaibh an taobh seo chomh maith.

 – Sea, mar… toisc go bhfuil an fharraige anseo agus na Beanna Beola ansin, bhí orainn… Bhí sé ar intinn againn a lán gloine anseo chun an radharc a fheiceáil, ach tá an radharc ar an taobh ó thuaidh againn, so tá sé seo ar an taobh ó dheas, agus bíonn an ghrian ag taitneamh istigh (sic) go háirithe sa gheimhreadh, agus caitheann sé an solas ar an tsíleáil anseo.

 – Ó, go hálainn. Tá fuinneogaí chuile áit, agus tá an solas ag teacht isteach an t-am ar fad.

 – Agus is maith liom an fhuinneog seo, mar is féidir an bá a fheiceál, agus an seanteach atá ansin, agus Cnoc Caisil, agus is féidir na báid a fheiceáil, agus iad ag teacht suas an bá.

 – Tá sé cosúil le fráma i ndáiríre, nach bhfuil, ar an radharc ar fad.

 – Tá, pictiúr, pictiúr álainn. Ach, bíonn an radharc ag athrú an t-am go léir.

 

A: Freagair na ceisteanna

B: Ag díol tí

Le do ghrúpa, lig ort féin go bhfuil tú ag díol ceann de na tithe a chonaic tú sna míreanna. Ullmhaigh fógra ag déanamh cur síos mealltach ar an teach agus na pointí thíos san áireamh agat. Bain úsáid as do shamhlaíocht le cur leis!

  • cá bhfuil an teach lonnaithe
  • áilleacht an cheantair
  • stíl an tí
  • áiseanna an tí
  • leagan amach na seomraí
  • rud éigin as an ngnách faoin teach
  • cé dó a bhfheilfeadh an teach

Abhaile


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil