Caitlín Maude – Próifíl | GéibheannDántaTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Géibheann

Próifíl: Caitlín Maude

Caitlín Maude – Próifíl

Duine spleodrach, aisteoir, amhránaí, gníomhaí teanga agus file den chéad scoth a bhí i gCaitlín Maude.

Rugadh Caitlín i Ros Muc i gConamara sa bhliain 1941.

Chaith sí ceithre bliana i gColáiste Chroí Mhuire ar an Spidéal agus bhain sí céim B.A. amach in 1962.

Is múinteoir scoile a bhí inti agus d’oibrigh sí mar mhúinteoir Fraincise agus Béarla ar fud na tíre. Veidhleadóir maith a bhí inti, ach is mar amhránaí ar an sean-nós ab fhearr a bhí aithne uirthi agus i 1975 d’eisigh sí ceirnín dar teideal Caitlín i gcomhar le Gael Linn.

Bhíodh Caitlín páirteach sa chlár cáiliúil raidió Fadhbanna Gaeilge sna 1960idí agus bhunaigh sí club do Ghaeilgeoirí i mBaile Átha Cliath darbh ainm, ‘An Bunnán Buí’ sna 1960idí. Ba ansin a chas sí lena grá geal, Cathal Ó Luain, agus phós siad sa bhliain 1969. Bhí mac amháin acu, Caomhán Ó Luain.

Bhí cáil uirthi mar aisteoir agus aird an phobail uirthi go speisialta mar gheall ar an bpáirt a bhí aici in An Triail i Halla Damer.

Is gníomhaí teanga a bhí i gCaitlín chomh maith agus bhí baint aici le gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta in olltoghchán na bliana 1969.

Fuair Caitlín Maude bás le hailse ar an 6 Meitheamh 1982 agus tá sí curtha i mBóthar na Bruíne i Baile Átha Cliath.

Foilsíodh dhá bhailiúchán dá saothar tar éis a báis; ‘Caitlín Maude: Dánta’ agus ‘Caitlín Maude: Drámaíocht agus Prós’. Tá an dán Géibheann ar cheann de na dánta is aitheanta a scríobh sí. Cé gur dán simplí atá ann is iomaí míniú atá leis. Dán a dhéanann cur síos ar streachailt an duine agus é i ngéibheann agus an choimhlint intinne a bhaineann le saoirse agus daoirse i saol an duine.

Géibheann (An dán)

 

 

 

Abhaile


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.

Físeáin ar Fáil