Nua
Gaeltacht Mhúscraí buailte go dona ag Ophelia
Tá Gaeltacht Mhúscraí i measc na gceantar is measa atá buailte ag an stoirm mhór.
Tá suas le 700 teach gan aon chumhacht aibhléise i gceantar Bhéal Átha an Ghaorthaidh.
Tá an chumhacht imithe i mBaile Mhic Íre chomh maith agus b’éigean do chuid mhaith de na monarchana i mBaile Bhuirne dúnadh inniu.
Tá go leor daoine in iarthar Chorcaí gan uisce freisin.
Deir Comhairle Contae Chorcaí go bhfuil formhór na bpríomhbhóthar oscailte anois ach go bhfuil roinnt bóithre áitiúla dúnta go fóill. Deir siad go mb'fhéidir nach mbeidh siad glanta go ceann roinnt laethanta.
Deir Comhairle Contae Chiarraí go bhfuil a cuid oibrithe ar a ndícheall ag iarraidh crainn a ghlanadh de bhóthar an N71 idir Cill Airne agus an Neidín.




...


