Alt | Nuacht | Molscéal Skip to main content

More on TG4

Nuacht

Gaeltacht Mhúscraí buailte go dona ag Ophelia

Tá Gaeltacht Mhúscraí i measc na gceantar is measa atá buailte ag an stoirm mhór.

Tá suas le 700 teach gan aon chumhacht aibhléise i gceantar Bhéal Átha an Ghaorthaidh.

Tá an chumhacht imithe i mBaile Mhic Íre chomh maith agus b’éigean do chuid mhaith de na monarchana i mBaile Bhuirne dúnadh inniu.

Tá go leor daoine in iarthar Chorcaí gan uisce freisin.

Deir Comhairle Contae Chorcaí go bhfuil formhór na bpríomhbhóthar oscailte anois ach go bhfuil roinnt bóithre áitiúla dúnta go fóill. Deir siad go mb'fhéidir nach mbeidh siad glanta go ceann roinnt laethanta. 

Deir Comhairle Contae Chiarraí go bhfuil a cuid oibrithe ar a ndícheall ag iarraidh crainn a ghlanadh de bhóthar an N71 idir Cill Airne agus an Neidín.

Scéal ó RTÉ News - News Headlines


   
   

17.10.2017 | 13:27

More Clips

Nuacht

Gaeltacht Mhúscraí buailte go dona ag Ophelia

 

Nuacht

POCTest

 ...

Nuacht

Turas Roseann le hailse: 'Ní bhuailfidh sé mé.'

 

Nuacht

What makes EP special? Tuairimí Eoghain ar an bhféile!

 

Nuacht

Fear caite in Uíbh Fhailí

 

Nuacht

Bunscoil nua oscailte i gConamara

 

Nuacht

Ré nua RTÉ á réitiú

 

Nuacht

Ó chriú an R116 feisteas atá tagtha i dtír

 

Nuacht

Ceol ar an Imeall

 ...

   Tuilleadh