Alt | Nuacht | Molscéal Skip to main content

More on TG4

Nuacht

Turas Roseann le hailse: 'Ní bhuailfidh sé mé.'

D'aimsigh Roseann Ní Ghallachóir as Rann na Feirste, cnapán ina brollach nuair a bhí sí 34 bliain d'aois. Go gairid ina dhiaidh sin, dúradh léi go raibh ailse brollaigh uirthi. Labhair sí le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina turas leis an tinneas go nuige seo. 

Dúirt Roseann nach raibh sí ag cuartú cnapáin nuair a fuair sí é, ina brollach idir an Nollaig agus an athbhliain. Dár ndóigh, baineadh geit uafásach aisti ach fiú sula bhfuair sí na torthaí, deir sí go raibh 'fhios aici go raibh ailse uirthi ón gcéad choinne a bhí aici 'leis an fhírinne a inse duit, ón bomaite sin ar aghaidh, bhí 'fhios agamsa go raibh rud inteacht contráilte'

Dúirt sí nuair a tháinig an glaoch ón ospidéal i Leitir Ceanainn go raibh 'fhios aici go mbeadh drochnuacht i ndán di.

'Dúirt sí liom, déan cinnte go bhfuil duine inteacht leat. Chuir mé síos an fón agus chaoin mé agus chaoin mé.'

Tá beirt pháistí ag Roseann, duine atá sé bliana déag agus duine eile atá ocht mbliana d'aois. Deir sí le Michelle go bhfuair sí tacaíocht iontach ach go háirithe óna mac, Conor le linn an tinnis. 

'De réir mar a chuaigh na laetha agus na seachtainí ar aghaidh, bhí 'fhios agam go mbeinn caillte gan Conor. Thug sé tacaíocht mhór domh.'

Roseann agus a hiníon, Niamh.

Faoi láthair, tá Roseann ag dul tríd ceimiteiripe agus dul faoin scian agus ansin radaiteiripe. Deir sí gur duine láidir í agus go bhfuil dearcadh dearfach aici maidir lena bhfuil roimpi. Deir Roseann go raibh an tréimhse ar fad 'trom ar an teaghlach' agus luann sí an tábhacht a bhaineann leis an dearcadh dearfach a rá 'Caithfidh tú a bheith dearfach.'

Dúirt Roseann go bhfuil sí athraithe mar dhuine de bharr an tinnis atá uirthi agus anois go bhfuil meon faoi leith aici maidir lena saol anois. 

'tá mé i bhfad níos láidre, ná mar a shíl mé'

Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, 11:02 - 12:00 Luan-Aoine. 

Scéal ó Gaeilge Headlines


   
   

06.10.2017 | 13:31

More Clips

Nuacht

Gaeltacht Mhúscraí buailte go dona ag Ophelia

 

Nuacht

POCTest

 ...

Nuacht

Turas Roseann le hailse: 'Ní bhuailfidh sé mé.'

 

Nuacht

What makes EP special? Tuairimí Eoghain ar an bhféile!

 

Nuacht

Fear caite in Uíbh Fhailí

 

Nuacht

Bunscoil nua oscailte i gConamara

 

Nuacht

Ré nua RTÉ á réitiú

 

Nuacht

Ó chriú an R116 feisteas atá tagtha i dtír

 

Nuacht

Ceol ar an Imeall

 ...

   Tuilleadh