Nuacht
Ré nua RTÉ á réitiú
Fógraíodh struchtúr úr RTÉ inné agus mar chuid den athstruchtúrú sin, beidh ábhar Gaeilge na heagraíochta ag titim faoin nGrúpcheannasaí Gaeilge, Rónán Mac Con Iomaire. Thug Rónán spléachadh do Fhachtna Ó Drisceoil ar Údar Cainte ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar a bhfuil beartaithe don Ghaeilge agus don eagraíocht, araon.
Dúirt Mac Con Iomaire go bhfuil athruithe móra tagtha ar an saol timpeall orainn agus go raibh ar RTÉ dul i ngleic leis an mbealach a bhfuil daoine ag éisteacht, ag breathnú agus ag léamh gach cineál ábhar.
Ag caint ar an mbealach oibre a bhíodh ag RTÉ, luaigh sé go bhfuil 'muid i lár ré dhigiteach agus i ndáiríre, tá an t-am don struchtúr sin caite'. Rinne sé cur síos ar an mbealach nua a dhéanfar ábhar a eagrú laistigh den eagraíocht le go mbainfidh an lucht féachana an méid is fearr as an obair a dhéanann an fhoireann.
'Is é an t-athrú atá ann ná go mbeidh ábhar ar fad tugtha le chéile, nach mbeidh sé deighilte suas de réir ardán ar leith ach go mbeadh saghas genres nó téamaí ar leith ag freastal ar na hardáin ar fad. Ar bhealach, is dóigh a bheas níos fearr don té a bheas ag éisteacht agus ag léamh, agus ag teacht ar an ábhar agus ag breathnú ar an ábhar agus a dhéanfas níos mó céille freisin ó thaobh an méid is mó a bhaint as an fhoireann atá ag obair anseo, ó thaobh na scileanna atá ag daoine.'

Ó thaobh na Gaeilge, labhair Rónán mar gheall ar na pleananna atá ann an t-ábhar ar fad i nGaeilge a lonnú faoi ghrúpcheannasaíocht amháin, seachas mar a bhíodh:
'Athróidh sé go dtiocfaidh ábhar a bhaineann le Gaeilge isteach go díreach faoin nGrúpcheannasaí Gaeilge, mar sin beidh Raidió na Gaeltachta, Cláracha Teilifíse Gaeilge istigh faoi Ghrúpcheannasaí Gaeilge, sin athrú ar an mbealach go raibh rudaí go dtí seo. Tháinig Raidió na Gaeltachta isteach faoi Raidió, níl an rannán sin ann níos mó.'
Síleann Rónán gur maith an rud é an t-athrú seo mar go gciallaíonn sé go mbeidh an lucht féachana in ann teacht ar an ábhar atá uathu, ar an ardán atá in úsáid acu.
'Sa mbealach sin, go mbeadh muid in ann daoine a thabhairt le chéile. Agus arís, ar nós an múnla ina iomláine, an méid is mó a bhaint amach don té atá ag iarraidh ábhar cruthaitheach maith i nGaeilge. Agus Ó tharla go bhfuil na daoine againn anseo, in san eagraíocht, agus éascaíocht a dhéanamh ó thaobh a bheith in ann an t-ábhar sin a chruthú. Tá sé cineál místuama faoi láthair, 'theacht timpeall air sin, ar mhaithe leis an duine atá ag teacht ar an ábhar.'
Craoltar Údar Cainte Luan - hAoine, 17:05 - 17:55 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.




...