Trendáil

Seo chugaibh an dara sraith de An Tuath Nua ar TG4. Ar chlár na hoíche anocht, aimsíonn Pádraic Ó Neachtain Ecotopia i gCo. An Chláir, agus labhraíonn sé le grúpa daoine atá ag iarraidh sochaí a bhunú a bheadh saor ó aon chineál damáiste. Téann Clíona Ní Chinnéide ag marcaíocht asail ar thrá an Mhullaigh Mhóir i gCo. Shligigh agus tugann Páidí Ó Lionáird tuairisc dúinn ar Loch Síleann i gCo. an Chábháin, ceann de na locha ba mhó náire ó thaobh comhshaoil de in Éirinn tráth.