Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Nollaig 2015 ar TG4

Nollaig 2015 ar TG4

15.12.15

Nollaig 2015 ar TG4

Réalta, Scéalta, Ceol, Spórt agus Spraoi don Nollaig

19 Nollaig – Lá Caille

Is iomaí craobh ar chrann Nollag TG4 i mbliana agus féiríní go leor orthu, idir cheol agus fhaisnéis, scéalta baile agus iasachta, dheoraithe agus chuairteoirí cáiliúla. I measc na gclár faisnéise, beidh cur síos ar an réalta scannán as Hollywood a thit i ngrá le Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, an Conallach crua ar theip ar a chuid naimhde é a chur chun báis.

Ar Hup cloisfear scoth an cheoil traidisiúnta i gcúpla eagrán  ó Mhatt Molloy, Seán Keane, Arty McGlynn, Máirtín O’Connor, Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Chris Droney agus ó mhuintir Glackin.    Beidh deis ann freisin Corn Uí Riada 2015 a fheiceáil agus scoth na bhfonnadóirí sean-nóis ar an ardán ag Oireachtas na Samhna.

Craolfar An Klondike, an leagan scannáin den dráma Gaeilge ar Lá ‘le Stiofáin, súil siar ar chluichí móra Gaelacha na bliana 2015,  mar aon le beo-chraoladh Rugbaí BEO agus cúigí na hÉireann ag tabhairt aghaidh ar a chéile.

Tugann Robert Shaw Jaws cuntas ar shaol an réalta scannáin a lonnaigh cois Measca i ndeireadh a shaoil agus arbh ansa leis bheith ag scríobh agus ag siúl an tsléibhe ansin ná ag aisteoireacht i Hollywood.   Scéal faoi shaol an deoraí é Deoch an Dorais ina ríomhfar  cruatan na deoraíochta  i Nua Eabhrac ag Mike Malloy, fear a d’ól a dhóthain agus tuilleadh ach a sháraigh iarrachtaí go leor é a chur chun báis ar mhaithe le héiric árachais sa mbliain 1933.

Ginfidh an clár faisnéise I mBéal na Stoirme go leor suime agus comhbhá mar go riantar ann iarrachtaí John O’Brien, iascaire beag as Inis Bó Finne, fear a chaith ocht mbliana ag tabhairt dhúshlán na n-údarás Eorpacha ar chuir a leasuithe polasaí deireadh lena shlí mhaireachtála traidisiúnta.  Coimhlint de chineál eile atá faoi chaibidil sa gclár  Bocsáil i mBoston ina bhfuil dornálaithe óga as Conamara ag tabhairt a n-aghaidh siar chuig babhtaí inar chuig Méara na cathrach sin, Marty Walsh, fáilte phearsanta rompu.

Tír Tairngire is teideal do chlár staire a insíonn an cine-scaipeadh a rinne Oliver Cromwell ar an nGaeilge agus é á ndíbirt siar go Connachta, gníomh a d’fhág a rian go doimhin ar an tír agus mhí-cháil an fhir a d’ordaigh é.

Laoch ceoil ón Chathair Loistreáin i dtuaisceart na Gaillimhe é Matt Cunningham – Rí na Seite a bhfuil a shaol caite aige ag seinm agus ag amhránaíocht ar fud an iarthair agus níos faide ó bhaile. Tráchtfaidh sé féin, a mhuintir agus a chairde ceoil (ina measc Philomena Begley) ar a shaol fada siúlach siamsúil in Éirinn agus i Sasana.

Chaill Ros na Rún duine dá mhór-phearsain i mbliana agus silfear deora go leor agus a chomhghleacaithe ag tabhairt ómóis do Shéamus Mhicil Tom (Diarmuid Mac an Adhastair) i gclár speisialta cuimhneacháin agus comórtha.

 Bíonn éileamh ar an gceol tíre freisin ag lucht féachana an chainéil agus beidh soláthar den scoth ó TG4 an Nollaig seo le leithéidí Daniel O’Donnell, Nathan Carter agus Robert Mizzell.  Tá duine de laochra an cheoil sin in Éirinn ag ceiliúradh leathchéad bliain i mbun oirfididh i mbliana, éacht a chomórfar in gclár speisialta Brendan Shine@50 Oíche Chinn Bhliana.

Moya Brennan ag Ceol is teideal den chlár ina mbeidh an t-amhránaí aitheanta as Gaoth Dobhair i mbun ceoil agus cuimhní lena muintir féin agus a cairde sa gCultúrlann i mBale na Manach i mBaile Átha Cliath.  Fear ó theaghlach cáiliúil eile as Cathair Loistreáin  a bheidh i mbun coirme sa gclár Seán Keane ag Ceol  agus is í a dheirfiúr Dolores a bheidh le feiceáil sa gclár cartlainne Sailing to an Island  agus í ar a bealach go hInis Bó Finne le John Faulkner.

Cé gur cosúil go bhfuil forlámhas na gcúigí Éireannacha ar chomórtais rugbaí na hEorpa ag meath le tamall, níl aon mhaolú ar an iomaíocht áitiúil eatarthu, rud a bheidh le feiceáil go soiléir agus iad ag tabhairt aghaidh ar a chéile le linn na Nollag ar Rugbaí Beo.  Caithfidh TG4 súil siar ar mhór-chluichí peile agus iomána na bliana 2015 freisin le linn na Féile agus deis ann na buaicphointí agus na scóranna ab fhearr a fheiceáil arís.

Craolfar rogha fhairsing, shiamsúil scannán ar an gcainéal freisin le linn na Nollag, ina measc Father of the Bride, Guilty by Suspicion, Rock of Ages, Meet the Parents, Fantastic Mr. Fox, A Cinderella Story, The Big Tease, The Yearling, Cloud Atlas agus Space Cowboys.

Ar na leaganacha Gaeilge de mhór-scannáin a bheidh ar fáil, beidh Niko: The Flight Before Christmas, Secret of Kells agus  Happy Feet, An Garbhán, Scuabtha Chun Siúil, Q Pootle na Nollag, Saol faoi Shráid na Nollag, Abominable Christmas, The Naughty List agus Laura’s Star.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: