Nuachtlitir: Deireadh Fómhair 2017
Gléasta chun Féasta
More on TG4
Racht
Ag tosú 05.10.17 @ 9.30pm
Sraith 6 chlár a scrúdaíonn dúnmharuithe ón am atá caite, féachaint lena gcúlra a thabhairt chun suntais agus tuiscint a fháil ar na cúiseanna a bhí leo. Pléiteaer freisin a dtionchar ar na daoine a bhain leis an scéal. Baineann an chéad chlár le dúnmharú i Ros Muc i nGaeltacht na Gaillimhe sa mbliain 1928.
A new season of the factual series that examines six tragic murders and the legacy they have left behind. Each episode features a notorious murder in the past, looks at the motivation behind it and examines the emotional impact on those connected to the deceased. Opening the series is a programme featuring a killing in Ros Muc, Conamara in 1928.
Scéal Benny
Dé Ceadaoin 11.10.17 @ 9.30pm
Clár nua faisnéise faoi dhornálaí de bhunadh Thír Chonaill (1913-1946) a rugadh agus a tógadh in Albain agus a thuill clú agus cáil ina óige. Bhuaigh sé craobhacha na hAlban, na Breataine, na hEorpa agus an Domhain sna blianta 1934 & 1935. Faraor, mar a tharla le go leor eile sa ngairm sin ag an am, fuair an t-ól greim air gur thug a bhás agus gan é ach trí bliana déag is fiche.
The story of the how the son of Irish emigrants from Donegal rose from the poverty of the Glasgow tenements to become a world champion boxer by the age of just 22. He was a superstar in the 1930s but, like others in professional boxing during that era, it proved too much for him to handle and he died of alcoholism by the age of 33.
Mr. Robot
Gach Céadaoin @ 11.25pm
Sraith 2 – Taispeánfar spléachadh siar do Tyrell ag taifead físeán fsociety ar an oíche ar chas sé le Elliot. Mí ina dhiaidh sin, tá Elliot ag fanacht lena mháthair i ngan fhios agus tá sé ag féachaint le tionchar Mr. Robot a lagú.
Season 2 – A brief flashback shows that Tyrell recorded an fsociety video the night he visited Elliot. One month later, Elliot has gone off the grid, living with his mother and maintaining a repetitive routine in an attempt to weaken the influence of Mr. Robot.
Éalú as Éirinn
Dé Céadaoin 04.10.17 @ 9.30pm
I bhFómhar na bliana 1588 scriosadh soitheach Armada an Chaptaein Francisco De Cuéllar amach ó chósta Shligigh. Tháinig De Cuéllar féin slán agus chaith sé breis is leathbhliain in Éirinn, ag iarraidh a bhealach a dhéanamh abhaile. D’éirigh leis agus d’fhill sé ar Mhaidrid, áit ar scríobh sé cuntas taibhsiúil ar a chuid eachtraí.
Spanish Armada captain Francisco de Cuéllar was shipwrecked off the Sligo coast in September 1588. He spent seven months in war-torn Ireland, trying to escape death and marriage before eventually making his way to Madrid and writing an extraordinary chronicle of his adventures in Ireland.
Junior Eurovision
Ag tosú 22.10.17 @ 8.00pm
Táthar sa tóir ar amhrán na hÉireann don Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2017! Tar éis míonna d’éisteachtaí, rachaidh na hamhránaithe óga is fearr in Éirinn ar stáitse, ag canadh do na moltóirí. Cé a rachaidh go dtí an tSeoirsia i mí na Samhna chun canadh thar ceann na hÉireann?
The search for Ireland’s entry for the 2017 Junior Eurovision is on! The top young singers in the country will hope to impress the judges with their original Irish language song. Who will sing for Ireland this November in Georgia?
Fíorscéal
Sraith nua - Déardaoin @ 10.30pm
Rogha clár faisnéise ón iasacht le hathghuthú Gaeilge a thugann aghaidh ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta trí shúile na léiritheoirí teilifíse is misniúla agus is conspóidí ar domhan le. Oscailt súl eile is ea gach clár.
A season of international documentaries that continue to throw (a sometimes disturbing) light on issues which affect us environmentally, socially, politically and globally.
GAA Beo
Ag tosú 01.10.17
Tús le craoladh beo agus iarbheo ar chluichí Ceannais éagsúla Iomána agus Peile Contae. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill agus is é Brian Tyers a bheidh i mbun tráchtaireachta.
Live and deferred coverage of various GAA County Football & Hurling Finals. Presented by Micheál Ó Domhnaill with commentary by Brian Tyers.
Alvinnn !!! & na Chipmunks
Luan - Aoine @ 4.00pm
Sraith faoi Dave Seville, baitsiléir atá ag tógáil triúr ioraí talún: Alvin, Simon agus Theodore chomh maith le cairde na n-ioraí talún – na Chipettes.
This series follows Dave Seville, a bachelor who is raising three Chipmunks as his children, Alvin, Simon and Theodore as well as their female counterpart friends The Chipettes.
Na Meáin Sóisialta
Lean Muid; Bí ag Comhrá Linn
Facebook: https://www.facebook.com/TG4TV
Twitter: https://twitter.com/TG4TV
Youtube: https://www.youtube.com/TG4
Flickr: https://www.flickr.com/photos/tg4
Instagram: https://www.instagram.com/tg4tv
Snapchat: https://www.snapchat.com/add/tg4tv
Periscope: https://www.periscope.tv/TG4TV
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv
